Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Na saothair a fuarthas in 2022 fógartha ag NLI

Dé Máirt, 20 Nollaig 2022
Beirt aisteoirí i bhfeisteas seanré ina seasamh le bronnadh armais in aice le fuinneog dhaite

Nocht Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) inniu (20.12.22), raon earraí a fuarthas don bhailiúchán náisiúnta le linn 2022, lena n-áirítear an bronnadh armais is sine in Éirinn agus freagra aire ar impí ar thae breise le linn ciondála sa Dara Cogadh Domhanda.

Áirítear leis an ábhar a bailíodh, an bronnadh armais Éireannach is luaithe a bhfuil eolas air, ó 1554; albam grianghraf fotheidealaithe de láimh ag Elizabeth 'Lollie' Corbet Yeats, deirfiúr le WB Yeats; litreacha polaitiúla; agus póstaeir ó na 1960idí ó thithe pictiúrlainne i bPort Laoise agus Mala.

 

Ag labhairt di faoi na breiseanna nua a cuireadh leis an mbailiúchán náisiúnta le linn 2022, dúirt Stiúrthóir Gníomhach NLI, Katherine McSharry: “Is obair ó cheann ceann na bliana d’fhoireann NLI é cuimhne na hÉireann i ngach aois a bhailiú, cibé acu ón 16ú haois nó 2022 iad.  Cuirtear na mílte earraí — leabhair, nuachtáin, grianghraif, litreacha, láithreáin ghréasáin agus go leor eile — le bailiúcháin NLI agus déantar iad a chatalógú gach bliain. Faightear cuid acu faoi thaisce dhlíthiúil — an ceanglas reachtúil go ndéanfar cóip den ábhar ar fad a fhoilsítear in Éirinn a thaisceadh le leabharlanna áirithe, lena n-áirítear NLI — bronnann daoine aonair nó eagraíochtaí cuid acu, agus is ceannacháin iad cuid eile. Cabhraíonn siad go léir linn scéalta na hÉireann a insint.”

 

Ar cheann de na saothair is suntasaí a fuair NLI in 2022 tá Bronnadh Armais Stanyhurst ó 1554, a ceannaíodh ar ceant níos luaithe i mbliana. Is í an lámhscríbhinn Thúdarach, atá 468 bliain d'aois, an bronnadh armais Éireannach is luaithe a bhfuil eolas air, agus is taibhseach an taispeántas í agus bail iontach maith air. Bhronn Bartholomew Butler, Mórmhaor Armais Uladh, na hairm do Nicholas Stanyhurst, cisteoir agus bardasach chathair Bhaile Átha Cliath, agus a bhí ina Mhéara Bhaile Átha Cliath roimhe sin.  Bhí ‘Mórmhaor Armais Uladh’ ina réamhtheachtaí ag Príomh-Aralt na hÉireann, oifig atá anois mar chuid den NLI agus atá freagrach as airm a dheonú agus a dhearbhú do dhaoine aonair agus d'eagraíochtaí.

Tugann litir ó pháipéir Fawsitt-Dowdall, a fuair NLI in 2022 freisin, léargas siamsúil ar na síorbhrúnna stocaireachta ar phearsana phoiblí. In 1941, d'fhreagair Seán Lemass (an tAire Soláthairtí le linn an Dara Cogadh Domhanda) go tráthúil le TD eile a bhí ag impí go méadófaí a chiondáil tae: “Tá brú ar acmhainní mo Roinne ag coinneáil suas le do chomhfhreagras.  Mar sin féin is dóigh liom go gcaithfidh mé scríobh chugat mar fhreagra ar do chuid uiríll maidir le tae... Más rud é, mar a deir tú, go dteastaíonn idir ceithre agus sé phionta leachta uait gach lá agus nach n-ólann tú fuisce, caife, cócó, bainne, nó fiú uisce, beidh fadhb agat. Is eagal liom, áfach, go mbeidh ort an fhadhb seo a réiteach as do stuaim féin.”

 

As an mbreis is 20,000 earra a fuarthas in 2022, ba iad na hearraí eile a díríodh aird orthu inniu ná:

 

  • Albam grianghraf Elizabeth 'Lollie' Corbet Yeats: Foilsitheoir agus ealaíontóir iomráiteach Éireannach a bhí in Elizabeth Yeats, a bhí i mbun Cuala Industries lena deirfiúr Susan Mary 'Lily' Yeats.  Is léargas iontach pearsanta é an t-albam grianghraf lámhtheidealta seo ar shaol laethúil cheann de na teaghlaigh is cruthaithí in Éirinn, ag taispeáint a gcuid laethanta saoire, turais lae, peataí, teaghlach sínte agus cairde.

 

  • Seanphóstaeir phictiúrlainne: Tugann na póstaeir seo ó na 1960idí ó phictiúrlanna i bPort Laoise agus Mala, beocht bheoga don spleodar a bhain le 'turas pictiúrlainne' chun scannáin ar nós 'My Fair Lady' a fheiceáil.  Léiríonn an tréimhse barr na pictiúrlainne i saol sóisialta na hÉireann, díreach roimh theacht na teilifíse.

 

Tá na saothair go léir a fuarthas in 2022 mar chuid den 12 mhilliún earra NLI, lena n-áirítear leabhair, nuachtáin, tréimhseacháin, grianghraif, priontaí, líníochtaí, léarscáileanna, litreacha, dialanna, láithreáin ghréasáin agus go leor eile. Maoinítear obair NLI óna deontas bliantúil ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

 

Tá catalógú déanta ar roinnt de na hearraí a d’aibhsigh NLI inniu, lena n-áirítear Bronnadh Armais Stanyhurst agus litir Sheáin Lemass, agus is féidir le duine ar bith a bhfuil ticéad léitheora acu breathnú orthu i seomra léitheoireachta na Lámhscríbhinní:

https://catalogue.nli.ie/Record/vtls000874683 agus https://catalogue.nli.ie/Record/vtls000888831

 

Tá earraí eile á gcatalógú faoi láthair agus beidh siad ar fáil le breathnú orthu an bhliain seo chugainn.