Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Clone of Grianghrafadóir Cónaithe 2024 fógartha ag NLI agus EPA

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann i gcomhpháirt leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil don chéad Ghrianghrafadóir Cónaithe

Dé Máirt, 14 Samhain 2023
Sraith Físeán le Duais Nobel Yeats a Chomóradh 100 Bliain tar éis a Bronnta

Lorgaítear grianghrafadóirí chun tírdhreach athraitheach na tíre a ghabháil thar cheithre shéasúr don chéad chónaitheacht

D'fhógair Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI), i gcomhar leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA), sonraí inniu (17.10.23) faoi thionscnamh nua Grianghrafadóra Chónaithe ag NLI chun ár n-eispéireas ar chomhshaol na hÉireann a ghabháil agus a thaifeadadh ó amharc.

Bunaíodh an EPA in 1993 agus tá urraíocht á dhéanamh aige ar an gclár mar chuid dá cheiliúradh 30 bliain. Cuirfear an tsraith dheireanach de ghrianghraif dhigiteacha leis na buanbhailiúcháin náisiúnta ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Thar cheithre shéasúr gabhfaidh an grianghrafadóir cónaithe íomhánna in am den aeráid agus den chomhshaol atá ag athrú, le cúnamh ó shaineolaithe de chuid an EPA agus cartlanna saibhre NLI.

Ag labhair di, dúirt Stiúrthóir NLI, an Dr Audrey Whitty: “Tá an chartlann ghrianghrafadóireachta is mó sa tír ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá níos mó ná cúig mhilliún grianghraf againn ó na 1840idí go dtí an lá atá inniu ann sa Chartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta i mBarra an Teampaill agus inár suíomh ar Shráid Chill Dara i mBaile Átha Cliath. Is féidir teacht ar go leor díobh sin ar shuíomh gréasáin NLI freisin.   

“Ní hamháin go bhfuil sé mar mhisean againn, mar leabharlann taifid na hÉireann, doiciméid a bhailiú ón am a chuaigh thart, ach ár n-oidhreacht a dhoiciméadú, a chaomhnú agus a chur ar fáil go gníomhach freisin.

“Is é seo an chéad uair a bheidh grianghrafadóir cónaithe ceaptha ag an Leabharlann Náisiúnta, duine a dhéanfaidh na dúshláin lenár dtírdhreach, flóra, fána dúchais agus tionchar na haeráide a cheistiú agus a ghabháil trína lionsa féin. Táimid ag tnúth le hiarratais ó ghrianghrafadóirí ar fud na hÉireann chun tacú linn taifead doiciméadach a chruthú ar staid chomhshaol na hÉireann trí bhailiúchán tarraingteach agus dúshlánach d’íomhánna.

Cuirfear taispeántas ar líne i dtoll a chéile don phobal in 2026, rud a bheidh mar chuid de thiomantas leanúnach na Leabharlainne chun idirphlé agus rannpháirtíocht náisiúnta a spreagadh.”

Chuir Ard-Stiúrthóir an EPA, Laura Burke, an méid seo leis: “Táimid ar bís le dul i gcomhpháirtíocht le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar an tionscadal luachmhar seo. Cruthóidh an comhoibriú seo taifead buan grianghrafadóireachta ar ghnéithe éagsúla de thionchar idirghníomhaíocht an duine leis an gcomhshaol, ar bhealaí dearfacha agus diúltacha araon. Cuirfear an corpas grianghraf digiteach coimisiúnaithe le bailiúcháin ghrianghrafadóireachta NLI.”

“Ba mhaith linn go ngabhfaí sa tionscadal seo saibhreas agus éagsúlacht ár dtírdhreacha atá ag athrú, ach plé a spreagadh freisin faoin am i láthair agus faoin todhchaí a bhfuilimid ag obair ina treo. Tá sé léirithe arís agus arís eile i dTuarascáil an EPA ar Staid an Chomhshaoil, cé go bhfuil roinnt gnéithe dár gcomhshaol ag feabhsú, go gcaithfimid níos mó a dhéanamh, agus é a dhéanamh go tapa. Ní bhaineann an tionscadal seo leis an gcomhshaol amháin mar atá sé—tabharfaidh sé léargas ar an gcaoi a ndéanfaidh luachanna, gníomhaíochtaí agus dearcthaí daonna ár gcomhshaol a mhúnlú sna blianta atá le teacht.”

Tá foirmeacha iarratais agus na sonraí go léir maidir leis an gcomórtas ar fáil ar shuíomh gréasáin NLI, www.nli.ie/2024-photography-residence. An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná 5pm Dé Céadaoin, an 22 Samhain 2023.

 

CRÍOCH