Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Imeachtaí le Duais Nobel WB Yeats a Chomóradh 100 Bliain tar éis a Bronnta

Sraith léachtaí le tosú i bhfómhar 2023 le Duais Nobel WB Yeats a Chomóradh 100 Bliain tar éis a Bronnta

Dé hAoine, 13 Deireadh Fómhair 2023
Grafaic Yeats 100

Sa bhliain 2023, déanfar comóradh céad bliain ar bhronnadh Dhuais Nobel na Litríochta ar WB Yeats “as a fhilíocht shíorspreagúil, ina dtugtar léiriú ar mheon náisiúin iomláin i bhfoirm an-ealaíonta”.

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar an éacht iontach a rinne sé, tá dhá mhór-chomhfhiontar ar bun ag an Leabharlann Náisiúnta. Cuirfear sraith léachtaí i láthair i gcomhar le Cumann Yeats, le tacaíocht airgid ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Tá an dara tionscadal á dhéanamh i gcomhar le Seanad Éireann mar chomóradh ar éachtaí liteartha agus polaitiúla Yeats.

Beidh an tsraith léachtaí ar fáil le féachaint orthu ar líne trí Zoom:

Caint ar Líne | WB Yeats agus an India: Súil siar ar theagmháil Yeats le hidirghabhálaithe ón bhfo-ilchríoch

Dé Máirt, an 17 Deireadh Fómhair, 5.30pm

Cainteoir: An Dr. Ragini Mohite, Ollamh Cúnta, Ollscoil FLAME, an India

Cé nár thug William Butler Yeats cuairt riamh ar an India, bhí sí riamh ina háit a raibh suim chruthaitheach agus spioradálta aige inti, áit a bhfuair sé blaiseadh di trí lionsa idirghabhálaithe éagsúla ag tráthanna éagsúla dá shaol: Mohini Chatterjee, Rabindranath Tagore, agus ar deireadh, Shri Purohit Swãmi.

Sa chaint ar líne saor in aisce seo, fiosraíonn an Dr. Ragini Mohite céard a cheap Yeats faoin India. 100 Bliain tar éis bhronnadh Dhuais Nobel ar WB Yeats, faigh eolas ar an gcaidreamh a bhí aige le buaiteoir eile Duais Nobel, Rabindranath Tagore, agus féach ar chuid de shaothar Yeats a bhaineann leis an India

 

Caint ar líne | Yeats agus Ióga: céadcheapadh litríocht dhomhanda an Bhéarla 

Dé Máirt, an 14 Samhain, 7pm

Cainteoir: An tOll. Barry Sheils, Ollscoil Durham, an Ríocht Aontaithe

Déanfar fiosrúchán sa léacht seo ar chomhoibriú déanach, torthúil WB Yeats leis an misteach Indiach Shri Purohit Swãmi. Tháinig ceithre mhórshaothar as an gcomhoibriú sin. Cuimhní cinn a bhí i bpéire díobh: scéal shaol Shri Purohit san India, An Indian Monk: His Life and Adventures (1932); agus ansin cuntas ar oilithreacht reiligiúnach, The Holy Mountain: Being the story of a Pilgrimage to Lake Mãnas and of Initiation on Mount Kailās in Tibet (1934). Téacsanna misteacha ón traidisiún Hiondúch a bhí sa dá cheann eile: The Ten Principal Upanishads (1937) agus The Aphorisms of Yoga (1938).

Chuir Yeats réamhrá fada leis na ceithre shaothar. Bhain Yeats úsáid as an gcomhoibriú sin le Shri Purohit chun gléasanna agus stíleanna litríocht fhíordhomhanda an Bhéarla a fhorbairt. Scrúdaíonn an tOll. Barry Sheils na gléasanna agus na stíleanna sin, atá fós á n-úsáid inniu ina léiriú ar dheacrachtaí tábhachtacha cultúrtha. 

 

Caint ar líne | Yeats – Duine dár Linne

Dé Máirt, an 28 Samhain, 7pm

Cainteoir: An tOll. Geraldine Higgins, Ollscoil Emory, Atlanta, SAM

Sa bhliain 1923, nuair a bronnadh Duais Nobel ar WB Yeats “as an bhfilíocht shíorspreagúil, ina dtugtar léiriú ar mheon náisiúin iomláin i bhfoirm an-ealaíonta”, ní fhéadfadh sé fios a bheith aige go mbeadh a chumhacht fós i réim anseo in Éirinn agus ar fud na cruinne 100 bliain ina dhiaidh.

Bhí ardphróifíl ag Yeats in Éirinn riamh, ach le blianta beaga anuas, is iomaí líne leis a bhíonn i mbéal daoine ar fud an domhain, agus le ‘The Second Coming’, tá sé ar an bhfáidh is scanrúla dá bhfuil ann. Sa léacht seo, pléifidh Geraldine Higgins suntasacht leanúnach Yeats sa chultúr domhanda inár saol ilmheán.