Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Ceardlann um Beartais Caomhnaithe Dhigitigh

Dé Céadaoin, 7 Feabhra 2024
Audrey Whitty ag cur i láthair an Bheartais um Chaomhnú Digiteach

An Dr. Audrey Whitty, Stiúrthóir NLI, ag labhairt ag an imeacht

Ar an 8 Samhain 2023, d’eagraigh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ceardlann speisialaithe maidir le Beartais Caomhnaithe Dhigitigh a scríobh agus a athbhreithniú i gcomhar leis an gComhghuaillíocht um Chaomhnú Digiteach (DPC).

Dóibh siúd nach bhfuil eolas acu air, is é is caomhnú digiteach ann sraith gníomhaíochtaí bainistithe is gá chun rochtain leanúnach ar ábhair dhigiteacha a chinntiú chomh fada agus is gá. Príomhchumasóir straitéiseach don NLI is ea an caomhnú digiteach chun cuimhne thaifeadta na hÉireann a bhailiú, a chosaint agus a chur ar fáil. Ó 2018 i leith, reáchtálann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann imeacht comhroinnte eolais ar Lá Domhanda an Chaomhnaithe Dhigitigh (WDPD) gach bliain. I mbliana, rinne NLI comóradh ar WDPD trínár gcéad Bheartas Caomhnaithe Dhigitigh riamh a sheoladh, chomh maith leis an imeacht a eagrú. Agus an Beartas á scríobh againn, thuigeamar go rachadh ceardlann ar an ábhar seo chun tairbhe earnáil níos leithne GLAM (Gailearaithe, Leabharlanna, Cartlanna, Músaeim) na hÉireann.

Bhí Jenny Mitcham agus Sharon McMeekin ón gComhghuaillíocht um Chaomhnú Digiteach (DPC) i gceannas ar an gceardlann tar éis réamhrá ó Stiúrthóir NLI, an Dr. Audrey Whitty. Eagraíocht chomhaltais is ea DPC a bhfuil sé mar aidhm acu dea-chleachtais a mhalartú laistigh de réimse an chaomhnaithe dhigitigh, ag cothú pobal domhanda de chleachtas a bhfuil NLI bródúil a bheith páirteach ann. Sheol an DPC le déanaí an dara leagan d’Fhoireann Uirlisí an Bheartais Chaomhnaithe Dhigitigh—acmhainn a d’úsáideamar agus ár mbeartas á dhréachtú againn. Bhí príomhról ag Jenny Mitcham, i measc daoine eile, mar athbhreithneoir seachtrach ar Bheartas NLI.

D’fhreastail os cionn tríocha cleachtóir inár n-earnáil ar an ócáid ó chúlraí éagsúla, rud a léiríonn nádúr ildisciplíneach an chaomhnaithe dhigitigh. I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí ionadaithe ó eagraíochtaí Oidhreachta Cultúrtha áitiúla agus náisiúnta ó gach cearn d’oileán na hÉireann, ó na hearnálacha airgeadais agus tionsclaíochta, na meáin, an earnáil ardoideachais, an earnáil sláinte, ranna rialtais agus rannóga den Oireachtas.

Threoraigh DPC an lucht freastail trí na miondifríochtaí de chruthú agus athbhreithniú beartais, ag baint úsáid as a gcuid uirlisí agus an tSamhail Mear-Mheasúnaithe (DPC RAM). Áiríodh leis sin cleachtaí praiticiúla chun codanna beartais a dhréachtú, rudaí ar cuireadh leo le seisiúin ar an imeall agus plé chun dúshláin agus breithnithe éagsúla a fhiosrú.

Cuireadh i láthair trí chás-staidéar, lena n-áirítear Audrey Drohan ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Aisling Keane ó Ollscoil na Gaillimhe, agus Kieran O’Leary ó NLI. Léiríodh sna cás-staidéir cineálacha éagsúla cur chuige beartais, toisc go raibh na hinstitiúidí éagsúla go léir ag céimeanna éagsúla ina dturas beartais caomhnaithe dhigitigh, ón gcéad bheartas go beartas a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air. Ar rudaí a bhí le sonrú sna trí chás-staidéar bhí an beartas a ailíniú le cuspóirí eagraíochtúla, an gá le hathbhreithniú rialta, agus na dúshláin cur chun feidhme.

Agus an cheardlann ag teacht chun críche, ba léir gur próiseas leanúnach atá ag athrú é turas an chaomhnaithe dhigitigh, turas a éilíonn inoiriúnaitheacht, comhoibriú agus tuiscint dhomhain ar na dúshláin ar leith atá roimh gach eagraíocht. Léirigh aiseolas ó na rannpháirtithe gur gné thar a bheith luachmhar den lá a bhí sa deis plé a dhéanamh idir piaraí. Caithfidh NLI dúthracht le pobal cleachtais a chothú laistigh de réimse an chaomhnaithe dhigitigh, agus sin é an fáth a n-eagraímid imeachtaí mar seo. Chuir cúlraí éagsúla na rannpháirtithe leis an bplé, rud a chuir béim ar an gcur chuige ildisciplíneach a theastaíonn sa réimse seo.  Treisíonn imeachtaí mar seo an tábhacht a bhaineann le heolas agus eispéireas comhroinnte chun earnáil GLAM athléimneach agus fhadcheannach a thógáil.