Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Cartlannú gréasáin: An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta

Is féidir tairseach cartlainne gréasáin na Leabharlainne Náisiúnta a úsáid le súil a chaitheamh siar ar an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta sna blianta a chuaigh thart

Déardaoin, 14 Meán Fómhair 2023
Aerial photograph of the World Ploughing Championships 1954 in Kerry

World Ploughing Championships 1954, Killarney, Co. Kerry (NPA MOR603)

Déanann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ábhar i bhformáidí digitghinte a bhailiú mar chuid d’iarracht cuimhne na hÉireann a thaifeadadh agus a chaomhnú cibé formáid a bhfuil sé ann, stair dhigiteach an Chomórtais Náisiúnta Treabhdóireachta san áireamh.

Tá cartlannú roghnaitheach á dhéanamh ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar ghréasán na hÉireann ó bhí 2011 ann. Aithnímid an luach cultúrtha intreach a bhaineann le heolas a fhoilsítear ar an ngréasán agus gur gá an t-ábhar sin a chaomhnú do na glúnta faoi láthair agus amach anseo. Deis atá ann chomh maith le bheith ag obair le bailiúcháin Dhigitghinte agus le seans a thabhairt d’úsáideoirí obair a dhéanamh le bailiúcháin na Leabharlainne Náisiúnta ar bhealaí úra nuálacha.
 
Is féidir tairseach na cartlainne gréasáin seo againne a chuardach agus a úsáid ach cliceáil anseo.
 
Bíonn an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta (Taispeántas Innealra agus Beostoic an Chomórtais Náisiúnta Treabhdóireachta roimhe seo) ar siúl gach bliain i mí Mheán Fómhair. Tá fás tagtha air ó bunaíodh sa bhliain 1931 é agus tá sé ar cheann de na himeachtaí bliantúla is mó in Éirinn anois. Tá comórtas treabhdóireachta mar chuid den seó talmhaíochta amuigh seo. Bíonn breis agus 1,700 taispeántóir ann agus bhí 297,000 cuairteoir ann in 2019. Tá cartlannú déanta ag an Leabharlann Náisiúnta ar láithreán gréasáin an chomórtais agus is féidir féachaint air ach cliceáil anseo.