Home, National Library of Ireland
Roghchlár
Blog Archive

Buntreoir maidir leis na Bailiúcháin Dhigiteacha

Le Maria Ryan - Cartlannaí Gréasáin

Dé hAoine, 17 Aibreán 2020
Bean ag brabhsáil fotha Instagram NLI ar a iPhone

Toisc gur muidne ‘coimeádaí cuimhní’ na hÉireann, is é is ról don Leabharlann Náisiúnta ná taifead liteartha, stairiúil agus polaitiúil na tíre a chosaint don fhadtéarma. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid freagrach as oidhreacht chomhaimseartha na hÉireann i bhfoirm dhigiteach a chaomhnú fosta.

Acmhainn is ea an gréasán atá ag síorathrú; ní chruthaítear ábhar ar líne le go mairfidh sé. Meastar go n-athraítear nó go scriostar láithreán gréasáin taobh istigh de 100 lá ar an meán. Mura ndéanaimid na láithreáin ghréasáin seo a chartlannú anois, caillfear cuid mhór den ábhar orthu go deo – murab ionann is na taifid pháipéarbhunaithe ó 100 bliain ó shin. Ó bhí 2011 ann tá LNÉ ag tabhairt faoin mbailiú mearfhreagartha chun láithreáin ghréasáin a chartlannú, láithreáin a thugann eolas ar chuid de na himeachtaí is mó le deich mbliana.

Caith súil ar an gcartlann ghréasáin atá forbartha againn, áit a bhfaighidh tú meascán de láithreáin ghréasáin ar a bpléitear imeachtaí móra mar thoghcháin, reifrinn agus ócáidí comórtha 2016, chomh maith le réimse topaicí eile. Seans gur mhaith leat amharc ar fhíseán a taifeadadh i mí na Samhna in 2020 mar chuid den imeacht a bhí againn chun Lá Domhanda 2020 don Chaomhnú Digiteach a cheiliúradh.

Paindéim idirnáisiúnta a chartlannú ar líne - Maria Ryan

Léargas ar an gcartlannú gréasáin

Ó 2007 i leith, agus muid ag obair le comhpháirtí saineolach teicniúil, tá láithreáin ghréasáin agus cuntais ábhartha ar na meáin shóisialta atá lonnaithe in Éirinn nó a bhaineann le hÉirinn roghnaithe againn lena gcaomhnú. Déanaimid gréasán na hÉireann a chartlannú ar bhonn fógartha, is é sin go gcuirimid úinéirí na láithreán gréasáin ar an eolas roimh ré faoin obair atá beartaithe againn.
 
Ar a bharr sin, tá cíoradh roghnaitheach gréasán déanta againn in amanna éagsúla ó bhí 2011 ann chun teacht ar imeachtaí Éireannacha mar thoghcháin agus reifrinn. Is féidir na láithreáin ghréasáin chartlannaithe seo a phóirseáil amhail is dá mba gréasáin bheo iad, agus is minic foilseacháin ar líne le fáil orthu, ar nós PDFanna. Tá siad á mbainistiú ar bhonn leanúnach mar chuid den bhonneagar TF reatha atá againn chun iad a chaomhnú do dhaoine a úsáidfidh iad amach anseo. Tá na láithreáin ghréasáin chartlannaithe ar fáil ar chomhéadan ar a bhfuil teacht ag cách orthu. Má thagann athrú iomlán ar láithreán gréasáin nó má imíonn sé, beidh sé caomhnaithe againne fós an chaoi a raibh sé nuair a rinneamar é a chartlannú.

Ábhar COVID-19 a bhailiú

Bailíonn an Leabharlann Náisiúnta an t-ábhar clóite go léir a fhoilsítear in Éirinn. Fágann sé sin go bhfuil gach nuachtán, leabhar agus iris againn a foilsíodh le linn phaindéim COVID-19 agus go gcoinneoimid iad slán le go mbeidh teacht ag cách orthu. Ar an ábhar gur ábhar digiteach atá san oiread sin de thaifead na linne sin, táimid ag bailiú na láithreán gréasáin a insíonn scéal na tréimhse sin i saol na hÉireann chomh maith. Mar chuid de sin tá na hiarrachtaí móra sa Rialtas, san earnáil sláinte agus i sochaí na hÉireann chun dul i ngleic leis an bpaindéim. Rinneadh beagnach 180 láithreán gréasáin a chartlannú in 2020 mar chuid de bhailiúchán Covid-19, láithreáin ghréasáin áirithe ina measc a ndearnadh iad a chartlannú cúpla uair i gcaitheamh na bliana sin. Is féidir féachaint ar an mbailiúchán seo ar ár gcartlann ghréasáin.

Tá fás de shíor ag teacht ar an mbailiúchán agus tá láithreáin ghréasáin á gcartlannú ar bhonn leanúnach, na cinn siúd a thugann cuntas ar na forbairtí is deireanaí sa phaindéim ina measc, seoladh na vacsaíní, mar shampla.

Is féidir le duine ar bith cuidiú a thabhairt dúinn aon láithreáin ghréasáin a ghabháil ar a dtugtar cuntas ar thaithí mhuintir na hÉireann agus ar na gníomhartha a glacadh in aimsir phaindéim COVID-19. Más mian leat láithreán gréasáin a ainmniú, níl le déanamh agat ach foirm ghairid a líonadh agus a chur chugainn ar an ríomhphost. Tá tuilleadh sonraí anseo.

Mar thús, seo samplaí de láithreáin ghréasáin agus bailiúcháin atá mar chuid de chartlann ghréasáin LNÉ:

  • Cartlann is ea An Breatimeacht ina bhfuil láithreáin ghréasáin a bhaineann le freagairt na hÉireann ar an mBreatimeacht, iad á mbailiú ó 2018 ar aghaidh.
  • Sa chartlann Deich mBliana na gCuimhneachán (2018-) tá bailiúchán de láithreáin ghréasáin a bhaineann leis na hócáidí comórtha céad bliain ar Chogadh na Saoirse agus ar ról na hÉireann sa Chéad Chogadh Domhanda.
  • Sa chartlann CLG tá láithreáin ghréasáin a bhaineann le Cumann Lúthchleas Gael, le Cumann Pheil na mBan agus leis an gCumann Camógaíochta, láithreáin contaetha ina measc.
  • Sa chartlann Gailearaithe, Leabharlanna, Cartlanna agus Músaeim tá na láithreáin ghréasáin atá ag forais chultúrtha ar fud na hÉireann.
  • Sa bhailiúchán GE2020 tá cuntas ar an Olltoghchán in 2020 agus ar bhunú an Rialtais ina dhiaidh.
  • Bailiúchán is ea an chartlann Gréasáin Éireannacha de láithreáin ghréasáin agus meáin shóisialta i nGaeilge atá cartlannaithe i gcomhar le grúpa na Gaeilge i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
  • Is éard is Litríocht Éireannach ann cartlann de láithreáin ghréasáin a bhaineann le heagraíochtaí agus féilte liteartha in Éirinn.
  • Tá láithreáin ghréasáin na nÚdarás Áitiúil ar fad in Éirinn le fáil in Údaráis Áitiúla.
  • Bailiúchán is ea Páirtithe Polaitíochta de láithreáin ghréasáin páirtithe polaitíochta in Éirinn agus déantar iad a chartlannú gach bliain.
  • Tá na láithreáin ghréasáin a cartlannaíodh idir 2011-2018 le feiceáil faoi láthair in aon bhailiúchán amháin ach tá obair ar bun chun iad sin a chur i láthair i mbailiúcháin théamacha. Ar na bailiúcháin atá againn ón tréimhse sin tá:
    • Reifreann 2015 ar an gComhionannas Pósta
    • Olltoghchán agus Toghchán Uachtaránachta 2011
    • An Breatimeacht 2016-2018

Tá tuilleadh eolais ar na bailiúcháin seo anseo.

-----

Foilsíodh an scéal seo a chéaduair i Nuachtlitir LNÉ in Aibreán 2020.