Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Stiúrthóir nua ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Déardaoin, 8 Nollaig 2022
Image of Director in office with bookshelf in background

Tá ceapachán an Dr. Audrey Whitty mar Stiúrthóir á fhógairt ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Tá an Dr. Whitty ina Leas-Stiúrthóir agus ina Ceannasaí Bailiúchán agus Foghlama ag Ard-Mhúsaem na hÉireann agus ina Cathaoirleach ar Chumann Músaem na hÉireann i láthair na huaire, agus rachaidh sí i mbun a cúraimí nua sa Leabharlann Náisiúnta sa bhliain úr. Ceapadh í tar éis próiseas fairsing earcaíochta oscailte agus beidh sí sa phost go ceann cúig bliana.

Ag labhairt di faoin gceapachán, bhí an méid seo le rá ag Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán:

 “Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh an Dr. Audrey Whitty mar Stiúrthóir nua ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá neart taithí ag Audrey agus beidh ról ríthábhachtach aici i dtreorú na Leabharlainne Náisiúnta sna blianta amach romhainn. Tá a cumas ildisciplíneach léirithe arís is arís eile ag Audrey le linn a gairme agus guím gach rath uirthi ina ról nua”.

Ag labhairt di faoina thábhachtaí atá an Leabharlann Náisiúnta, dúirt an Dr. Whitty:

 “Tá lúcháir orm agus is mór an onóir dom dul i mbun an phoist seo agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a threorú sa chéad chaibidil eile dá stair. Táim ag tnúth go mór le bheith ag obair i gcomhar leis an bhfoireann, leis an mBord agus leis na páirtithe leasmhara go léir chun ár mbailiúcháin náisiúnta a mhúnlú agus a roinnt, forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí iontaofa, agus cur leis an taighde agus leis an nuálaíocht dhigiteach a chuireann NLI ar fáil, anseo in Éirinn agus ar fud an domhain mhóir.”

Dúirt Eoin McVey, Cathaoirleach NLI: 

 “Tá áthas orainn go bhfuil Audrey ag teacht isteach sa Leabharlann Náisiúnta mar Stiúrthóir.  Rogha iontach í Audrey le bheith i gceannas ar NLI mar gheall ar a cúlra acadúil agus an taithí nach beag atá aici ar a bheith ag obair i músaeim agus le bailiúcháin.

“Tá bord agus foireann NLI ag tnúth le bheith ag obair go dlúth léi sna blianta amach romhainn.  Anois agus an tionscadal ‘An Leabharlann Náisiúnta á athshamhlú’ ar siúl agus comóradh 150 bliain na Leabharlainne ar na bacáin, beidh a ceannaireacht, a saineolas agus a scileanna thar a bheith luachmhar.”