Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Saothar ealaíne nua nochta ag an Leabharlann Náisiúnta le fáilte a chur roimh chuairteoirí arís

Dé Luain, 10 Bealtaine 2021
Íomhá d’ulchabhán ag eitilt

Rúin agus taibhsí na Leabharlainne Náisiúnta á samhlú as an nua i saothar ealaíne inar tugadh tacaíocht d’ealaíontóirí a bhíonn ag cleachtadh a gceirde.

Chun athoscailt na Leabharlainne a chomóradh agus na srianta sláinte poiblí á maolú ag an Rialtas, tá saothar ealaíne arna choimisiúnú go speisialta nochta ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann inniu (10.05.21) ina samhlaítear an méid a bhíonn ag dul ar aghaidh faoi rún ina foirgneamh ar Shráid Chill Dara. An teideal atá ar an saothar ná daybreak in the land of statues agus é cruthaithe ag an ealaíontóir Stephanie Sloan agus an scríbhneoir Henrietta McKervey. Tá téacs agus prionta corraitheach ann agus cuireann an saothar ealaíne beocht i ngnéithe iomráiteacha den taobh istigh sa Leabharlann Victeoiriach le saol a chruthú nach bhfeicfeadh cuairteoirí de ghnáth. Tagairt atá sa teideal don chéad saothar foilsithe le W.B. Yeats, The Island of Statues, a scríobh sé agus cúnamh taighde aige ón scoláire Thomas Lyster, Stiúrthóir na Leabharlainne Náisiúnta idir 1895 agus 1920. 

Tá an Leabharlann Náisiúnta ag athoscailt seirbhísí ar an láthair ar bhonn céimnithe. Mar thús, beidh seirbhísí léitheoireachta agus an taispeántas Seamus Heaney: Listen Now Again. Beidh cead isteach bunaithe ar thicéid agus ar choinní. Tá seirbhísí ar fáil go digiteach fós chomh maith, catalóg ar líne na Leabharlainne agus clár breá imeachtaí ar líne ina measc. 

Seo mar a labhair Stiúrthóir NLI, an Dr Sandra Collins, agus í ag trácht ar an saothar: “I mí Eanáir 2021, thug an Leabharlann Náisiúnta coimisiún do Stephanie Sloan agus Henrietta McKervey freagairt go cruthaitheach do ghné éigin de bhailiúcháin nó foirgneamh na Leabharlainne agus muid fós druidte don phobal de dheasca na paindéime. Freagairt chruthaitheach don tréimhse seo sa stair nach bhfacthas a leithéid riamh ach, ar a bharr sin, bhí an coimisiún mar léiriú ar shnáithe eile dár gcuid oibre, is é sin tacú le healaíontóirí comhaimseartha le linn tréimhse atá i ndiaidh a bheith go speisialta doiligh i gcás cleachtóirí cruthaitheacha. 

“Idir cheiribíní plástair, gheargáilí cloiche agus ulchabhán iontach so-aitheanta, tá saol cumhachtach rúnda curtha inár láthair a bheidh coitianta agus rúndiamhair láithreach dár gcuairteoirí agus léitheoirí. Tá ríméad orainn as an aisling atá léirithe acu agus muid ag tnúth leis an saothar a thaispeáint dár léitheoirí agus cuairteoirí agus iad ag filleadh ar fhoirgnimh na Leabharlainne Náisiúnta.  Beidh gach duine ábalta féachaint ar an saothar ealaíne san Fhorhalla Tosaigh agus taitneamh a bhaint as na leaganacha digiteacha atá ar fáil ar líne. Gheobhaidh taighdeoirí bileog eolais leis an saothar ealaíne lena n-ábhar taighde.  

Tá an saothar ealaíne deiridh agus físeáin maidir leis an gcoimisiún ar fáil anseo agus is féidir iad a chóipeáil.

Seo an méid a dúirt an scríbhneoir Henrietta McKervey: “Agus muid ag freagairt don choimisiún seo dhíríomar ar an Leabharlann Náisiúnta mar áit samhlaíochta. Ó tharla nach rabhamar in ann dul isteach san fhoirgneamh, bhí an méid sin i gcroílár an chuir chuige a bhí againn de réir a chéile. An coincheap sin, agus gan daoine a bheith in ann dul isteach sa Leabharlann, go mbeidh an Leabharlann i gcónaí ar oscailt ina saol féin, sna rúndiamhra agus taibhsí inti. Bhíomar an-tógtha leis an deis a bheith againn saol rúnda na háite a léiriú, áit a bhfuil aithne agus gean ag an oiread sin daoine uirthi.”

Arsa an t-ealaíontóir Stephanie Sloan: “Tá foirgneamh Victeoiriach na Leabharlainne Náisiúnta go hálainn ar fad. Is mór an pléisiúr a bhí ann léaráidí a tharraingt de chuid de na mionghnéithe ailtireachta atá mar chuid den áit speisialta. Tá súil agam go mbainfidh cuairteoirí sásamh as na léaráidí agus an téacs fite fuaite le chéile i saothar ina ndéantar ceiliúradh ar an gcumann agus cruthaitheacht atá le fáil inár Leabharlann Náisiúnta.”

Leis an eolas ar fad a fháil maidir le hathoscailt na Leabharlainne agus le teacht ar chóras áirithinte ar líne na Leabharlainne, féach www.nli.ie.  

CRÍOCH