Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Déanann an taispeántas grianghrafadóireachta saor in aisce ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, a áiríonn ábhar as Dún na nGall, ceiliúradh ar ré na grianghrafadóireachta analógaí in Éirinn

Tá an taispeántas grianghrafadóireachta lonnaithe sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta i mBarra an Teampaill, agus tá sé saor in aisce.

Dé Céadaoin, 2 Lúnasa 2023
Fishermen on a pier

Fishermen, Downings pier, Co Donegal (CDB68)

Tá an taispeántas nua ‘Daoine agus Áiteanna’ seolta ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) le deireanas. Sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta i gCearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill, a bheidh sé ar siúl.

Léirítear sa taispeántas na hathruithe sóisialta, cultúrtha agus teicneolaíochta a tharla ar fud na hÉireann idir lár an 19ú haois agus tús an chéid seo. Tá roinnt grianghraf ann a thugann léargas ar an saol mar a bhí i nDún na nGall.

Tugtar léargas ar leith sa taispeántas ar stair agus ar ghnáthshaol na hÉireann, chomh maith le héabhlóid na grianghrafadóireachta, lena n-áirítear léargas ar mhná sna 1860idí ag díol sólaistí i gCill Airne agus ceann de thraein ghaile ag dul thar bráid i gCluain Eois, Co. Mhuineacháin in 1959.

Caoga grianghraf a tógadh idir 1858-2001 atá sa taispeántas, agus clúdaíonn an tréimhse sin ré na grianghrafadóireachta analógaí in Éirinn. I measc na ngrianghraf atá ar taispeáint tá cineálacha pictiúr a tógadh nuair nach raibh an ré sin ach ina tús, ar nós steiréiphéirí agus priontaí a rinneadh trí phróiseas lenar cuireadh tuaslagán salainn ar pháipéar. Tá cineálacha grianghrafadóireachta ó thráth is gaire den lá inniu le feiceáil sa taispeántas freisin.

Tá íomhá shuntasach amháin sa taispeántas, ar claonchló gloine i ndubh agus bán í, agus atá 6.2 x 8.8 cm, ina bhfuil fear óg i bpáirc le céachta capall-tharraingthe, agus bean níos sine sa chúlra ag breathnú air. Tá sé seo mar chuid de Bhailiúchán Grianghrafadóireachta Tynan ag an NLI.

Tá grianghraf eile ann d'altra agus í ag tabhairt cuairt ar theaghlach ar Oileán Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall, timpeall 1906 – 1914. Aithníodh an tsláinte phoiblí mar shaincheist i gceantair bhochta in Éirinn a raibh an iomarca daoine agus easpa forbartha iontu. Tugadh ceantair chúnga orthu ag an am. Sa bhliain 1903, bhunaigh an Bhantiarna Dudley, bean chéile leis an bhFear Ionaid in Éirinn, Scéim Altranais Dudley chun oiliúint a chur ar mhná le bheith ina n-altraí sláinte poiblí. Tá an íomhá seo mar chuid de Bhailiúchán Grianghraf Bhord na gCeantar Cúng, agus is prionta grianghrafadóireachta é, 8 x 14 cm.

Tá grianghraf eile ann d'Iascairí ar Ché na nDúnaibh, Contae Dhún na nGall, thart ar 1909-10. Chuir Bord na gCeantar Cúng maoiniú ar fáil chun céanna agus cuanta ní ba shábháilte agus ní ba mhó a thógáil d’fhonn tionscal na hiascaireachta i nDún na nGall, i nGaillimh agus i Maigh Eo a spreagadh. Cuireadh tús leis an síneadh cé a thógáil sna Dúnaibh in 1910. Is grianghraf 8 x 14 cm é.

Sa ghrianghraf eile a glacadh i nDún na nGall, tá rás cairtíní ar siúl sna Gleanntaí, Dún na nGall thart ar 1950-1960, a tógadh ó Bhailiúchán Grianghrafadóireachta Tynan. Bailíodh é sin mar chlaonchló gloine i dubh agus bán agus tá sé 6.2 x 8.8 cm.

Ag labhairt di, dúirt Sara Smyth, Ceannasaí Gníomhach na dTaispeántas, na Foghlama agus na gClár in NLI agus coimeádaí an taispeántais seo:

“Na nithe a bhailítear inniu, is stair a bheidh iontu amárach. Sa ról atá aici i ndáil le cuimhne na hÉireann a choimeád, leanann NLI ar aghaidh ag bailiú agus ag roinnt cnuasach náisiúnta bríomhar ina ndéantar doiciméadú ar an saol stairiúil agus an saol comhaimseartha ar oileán na hÉireann. Tá os cionn cúig mhilliún grianghraf i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, agus is taifead fíorluachmhar iad ar stair agus cultúr na hÉireann.

“Beidh an taispeántas ar siúl go dtí 2025 agus beidh grianghraif i bhfrámaí ó 20 dár mbailiúcháin is mó ráchairt le feiceáil i gcéim a haon. Tugtar léargas sna híomhánna a roghnaíodh ar éagsúlacht na hÉireann agus tá grianghraif ann ó bheagnach gach contae, ó thuaidh agus ó dheas.

“Dírímid aird ar phobail den lucht oibre agus den mheánaicme; ar na mná, dream nach mbíonn le feiceáil chomh minic leis na fir in íomhánna ón am atá caite; agus léirímid pobail tuaithe agus pobail uirbeacha taobh le chéile. Tugtar aghaidh freisin ar théamaí, amhail an t-athrú aeráide agus cúrsaí iompar.”

Bí linn le haghaidh turas saor in aisce le coimeádaí an taispeántais, Sara Smyth, an samhradh seo. Beidh an chéad turas míosúil ar siúl Déardaoin, an 17 Lúnasa ó 1.00-1.40pm. Ní gá aon áirithint a dhéanamh.

Má bhíonn tú i mBaile Átha Cliath le cairde, páistí óga nó gaolta leat, is féidir leat bualadh isteach chuig an taispeántas inrochtana, saor in aisce ‘Daoine agus Áiteanna’, a bhíonn ar oscailt ó 10am go 4pm, Luan go Domhnach, agus an cead isteach deiridh ag 3.30pm.

Chun tuilleadh grianghraf atá mar chuid de bhailiúcháin NLI a fheiceáil, téigh gowww.nli.ie.

CRÍOCH