Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Cuireadh do dhaoine teagmháil agus athcheangal a dhéanamh lena n-áit dúchais trí bhailúcháin dhigitithe na Leabharlainne

Dé Céadaoin, 11 Lúnasa 2021
Lógó d’oileán na hÉireann agus téacs i gciorcal thart air

Sa taispeántas Timpeall na Tíre, tá curtha os comhair an phobail na bailiúcháin bhreátha ar leith de ghrianghraif, lámhscríbhinní, priontaí agus earraí inbhailithe eile atá i seilbh na Leabharlainne.

Timpeall na Tíre seolta ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann inniu (11.08.21), tionscnamh ina dtugtar cuireadh do dhaoine iad féin a thumadh i scéal na hÉireann mar a insítear é trí mheán na mbailiúchán luachmhar éagsúil d’ábhar digitithe atá ag an Leabharlann. Sa taispeántas Timpeall na Tíre, cuirtear os comhair an phobail fairsinge na n-earraí digiteacha i mbailiúcháin NLI a bhaineann le stair cathracha, bailte móra, sráidbhailte agus bailte fearainn ar fud oileán na hÉireann. Spreagann sé daoine le ceangal agus athcheangal a dhéanamh le stair, oidhreacht agus cultúr a ndúiche féin trí ghrianghraif, paimfléid, léarscáileanna, lámhscríbhinní ceoil, priontaí agus líníochtaí. 

I measc na n-earraí tá léarscáil ó Mhuineachán a foilsíodh idir 1770 agus 1840, prionta aorach ó 1865 ina léirítear Dónal Ó Conaill mar chat; líníocht ón 19ú haois d’Easach Toirc, Cill Airne; póstaer taistil ó CIÉ ag cur turais iarnróid agus bus chun cinn i mBaile Átha Cliath go luath sa 20ú haois; agus grianghraif ó mhórshiúil Bród Shligigh a glacadh in 2007.

Tá Timpeall na Tíre eagraithe de réir cúige, agus díreofar ar chontae ar leith gach seachtain. Cuirfear béim ar earraí a bhaineann leis an gcontae sin, agus tabharfar blaiseadh de na cineálacha earraí a fheicfidh cuairteoirí agus a mbainfidh siad taitneamh astu agus iad ag triall ar an gcatalóg ar líne. 

Is i gConnachta a osclófar an feachtas, i nGaillimh ar dtús. Beidh físeán ann le clabhsúr a chur le taispeántas gach cúige. Sraith dhátheangach is ea Timpeall na Tíre agus beidh an físeán ó gach ceann de na ceithre chúige ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge. Beidh an tsraith ar siúl ó Lúnasa 2021 go dtí go luath in 2022. 

Seo mar a labhair Stiúrthóir NLI, an Dr Sandra Collins, agus í ag trácht ar an tionscnamh: “Tá níos mó ná 125,000 earra digitithe againn inár gcatalóg ar líne i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá ionadaíocht ag gach contae agus ag gach ceantar agus is féidir am a chaitheamh leis na hearraí ar fad agus sult a bhaint astu saor in aisce ar líne. 

Tá rud éigin do chách i mbailiúcháin na Leabharlainne, is cuma cén suim atá ag an duine: taisteal, spórt, ceol, polaitíocht, stair shóisialta nó go díreach grá ar an seansaol agus ar an am atá thart. Tá súil agam go mbeidh Timpeall na Tíre ina spreagadh ag daoine ar fud an oileáin seal a chaitheamh le bailiúcháin na Leabharlainne agus seans go mbeidh léargas nua acu ar an gceantar arb as dóibh nó go bhfoghlaimeoidh siad rud éigin nua faoi stair na háite. Molaim do gach duine an t-am a ghlacadh leis an gcatalóg ar líne a fhiosrú le go bhfeice siad na seoda a dtiocfaidh siad orthu.”

Cuireann Timpeall na Tíre leis an rath a bhí ar Timpeall an Oileáin, sraith 2020 na Leabharlainne inar taispeánadh bailiúcháin grianghraf ó gach contae ar fud an oileáin. 

Moltar do chuairteoirí chun na catalóige aon rud suimiúil a fheicfidh siad a chomhroinnt ar na meáin shóisialta agus an haischlib #NLIonline, nó ríomhphost a chur chuig info@nli.ie.

Is féidir a nasc seo a úsáid le dul chuig catalóg ar líne NLI. Le tuilleadh eolais a fháil, féach nli.ie.

CRÍOCH