Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Clár bliana d’imeachtaí LADTI+ fógartha ag an Leabharlann Náisiúnta

Clár Imeachtaí á chomhléiriú ag Tonie Walsh, gníomhaí agus iriseoir, le NLI.

Dé Máirt, 30 Márta 2021
Fear le grianghraf méadaithe de mhórshiúl Bród in airde aige

Bill Foley ag seoladhAg Maireachtáil le Bród: Grianghraif le Christopher Robson

Beidh Living with Pride ar siúl idir mí an Mhárta agus mí na Samhna agus tá mórthaispeántas beartaithe do shamhradh 2021.

Tá sonraí fógartha inniu (30.03.21) ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) maidir le Living with Pride, clár bliana suaitheanta ina ndéanfar cíoradh ar fhéiniúlacht agus taithí mhuintir LADTI+ na hÉireann le cuid mhaith blianta anuas go dtí an lá atá inniu ann. Mar chuid de tá taispeántas ar an láthair agus ar líne d’obair an ghníomhaí Christopher Robson chomh maith le clár bliana d’imeachtaí LADTI+ ar líne. 

Tá na himeachtaí ar líne seo á gcomhléiriú ag an Leabharlann Náisiúnta agus Tonie Walsh, seanfhondúir is gníomhaí ar son chearta daoine LADTI+, iriseoir agus bunaitheoir Chartlann Aiteach na hÉireann – atá lonnaithe sa Leabharlann Náisiúnta. I measc na n-imeachtaí beidh cainteanna, léamha, ceardlanna, díospóireachtaí painéil ar líne chomh maith le himeachtaí faoi choinne páistí agus daoine óga. Beidh an chéad imeacht, ‘Lived Lives: The Irish Queer Archive’ ar siúl Dé Céadaoin, an 31 Márta agus beidh imeachtaí ann gach mí tar a éis sin. 

Tá an clár bunaithe go mór ar Bhailiúchán Grianghrafadóireachta Christopher Robson na Leabharlainne Náisiúnta a bheidh mar ábhar i dtaispeántas grianghrafadóireachta faoi leith. Seolfar é sin i samhradh 2021, ag brath ar shrianta COVID-19, i gCartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachtai na Leabharlainne Náisiúnta i mBarra an Teampaill agus ar líne. Bhí Christopher Robson ar dhuine de bhunaitheoirí an Líonra Comhionannais do Dhaoine Aeracha agus Leispiacha (GLEN). Bhronn Bill Foley, páirtí sibhialta Christopher Robson, agus GLEN, agus an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn i láthair, bailiúchán grianghrafadóireachta Christopher de thart ar 2,000 sleamhnán ina dtugtar taifead ar shaol agus gníomhaíochas LADTI+ in Éirinn ar an Leabharlann Náisiúnta in 2015. Sa taispeántas, díreofar ar ghrianghrafadóireacht, saol, gníomhaíochas agus gaiscí Christopher Robson. Sa chlár imeachtaí a ghabhann leis an taispeántas, tabharfar spléachadh níos grinne ar chuid mhór de na téamaí agus na ceisteanna a thógtar ina chuid grianghraf.

Agus í ag labhairt mar chuid den fhógra, arsa Stiúrthóir NLI, an Dr Sandra Collins: “Ar an ábhar gurb í coimeádaí cuimhní na hÉireann í, tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann tiomanta i leith saibhreas agus éagsúlacht scéal na hÉireann a bhailiú, a chaomhnú agus a scaipeadh. Tá mar chuid de sin scéalta grúpaí imeallaithe nach n-insítí a mhinice céanna, scéal phobal LADTI+ na hÉireann cuir i gcás. Bailiúcháin do chách iad bailiúcháin na Leabharlainne, agus áit a gcuirtear fáilte roimh chách atá sa Leabharlann. Is tábhachtach dúinn go mbíonn grúpaí éagsúla ag mothú go bhfuil aitheantas acu agus go n-éistear leo i mbailiúcháin agus obair níos leithne na Leabharlainne, agus go bhfuil meas orthu agus iad páirteach agus le feiceáil.  

“Mórthionscnamh don Leabharlann is ea Living with Pride atá mar léiriú ar an tiomantas atá againn don éagsúlacht agus don ionchuimsiú. Agus muid ag dearadh Living with Pride, an cur chuige a bhí againn ná ‘faic fúinn gan ionchur uainn’, cur chuige inar fhéach muid le plé ionraic fiúntach a dhéanamh leis an bpobal LADTI+ ar bhealach a léiríonn cúiseanna imní agus taithí an phobail, san am atá thart agus san am i láthair. Tá lúcháir orainn a bheith ag obair le Bill Foley agus le Tonie Walsh leis an taispeántas agus na himeachtaí a léiriú. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an mbeirt acu as a n-ionchur agus flaithiúlacht luachmhar i rith an ama. Thar ceann fhoireann na Leabharlainne, ba mhaith liom buíochas a ghabháil fosta le ShoutOut a chuir oiliúint ar bhaill foirne ar fud na Leabharlainne agus muid ag déanamh réidh don tionscadal seo.” 

Arsa Tonie Walsh, comhléiritheoir chlár imeachtaí Living with Pride, ansin: “Mar bhunaitheoir agus coimeádaí neamhspleách Chartlann Aiteach na hÉireann, tá sé iontach go deo speisialta domsa filleadh ar an Leabharlann agus a bheith ag obair leis an bhfoireann inti leis an gclár Living with Pride a cheapadh. Tá Éire tar éis imeacht ar aistear dochreidte i dtaca le saoradh agus comhionannas daoine LADTI+ de, ó thaobh aitheantas dlí agus dhearcthaí an phobail de. Ní bheimis in ann clár den scála agus den sórt seo a shamhlú tamall de bhlianta ó shin, agus é á chur inár láthair ag foras cultúrtha náisiúnta. An mhian atá agam ná go gcuirfidh an tsraith imeachtaí fadréimseacha ar a gcumas do bhaill de phobal LADTI+ na hÉireann machnamh a dhéanamh ar an aistear atá siúlta acu agus ar an gcéad sprioc eile ar an ród. 

“Tá sé mar príomhchuspóir mar chuid den chlár seo a chinntiú go bhfuil baill den phobal LADTI+ ar an eolas faoi Chartlann Aiteach na hÉireann. Mar chuid den bhailiúchán tá gearrthóga ó na meáin, foilseacháin an phobail, ábhar a bhaineann le heagraíochtaí agus tionscnaimh LADTI+ éagsúla agus earraí inbhailithe eile. Áis an-fhiúntach don phobal atá ann. Beidh gach duine in ann é a thochailt agus sult a bhaint as a luaithe a bheidh daoine in ann cuairt a thabhairt ar an Leabharlann de réir na dtreoirlínte sláinte poiblí. Bhí sé tábhachtach cúpla ceardlann phraiticiúil a chur isteach i gclár na n-imeachtaí a bhaineann leis an gCartlann Aiteach a rochtain agus a úsáid, agus impím ar bhaill den phobal LADTI+ leas a bhaint as na ceardlanna seo agus teagmháil a dhéanamh leis an gCartlann nuair a bheidh an Leabharlann ar oscailt arís.” 

Mar chuid den chlár Living with Pride, beidh clár file chónaithe ar siúl i rith 2021 ina mbeidh Seán Hewitt, file a bhfuil duaiseanna bainte amach aige, ag plé le hábhar Chartlann Aiteach na hÉireann le cúpla saothar a chumadh. Tá an chónaitheacht seo mar thoradh ar chomhpháirtíocht idir Féile Idirnáisiúnta Litríochta Cúirt agus an Leabharlann Náisiúnta, á maoiniú ag an gComhairle Ealaíon. 

Le tuilleadh eolais agus an clár imeachtaí is déanaí a fháil, féach nli.ie. 

CRÍOCH