Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Seolann NLI suíomh gréasáin nua

Dé Máirt, 7 Márta 2023
Seat gar-amhairc de bhean a bhfuil iPhone aici agus í ag brabhsáil ar shuíomh gréasáin NLI laistigh den Seomra Léitheoireachta

Sheol Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) inniu (07.03.2023) suíomh gréasáin nua atá athdheartha go hiomlán www.nli.ie. Le níos mó ná 5 mhilliún amharc leathanaigh in aghaidh na bliana, is é ár suíomh gréasáin an príomhbhealach ar féidir leis an bpobal rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin Leabharlann. Tá níos mó bealaí anois ar an suíomh gréasáin nua chun daoine a spreagadh agus chun gach rud atá le tairiscint ag an Leabharlann Náisiúnta a nochtadh.

Léiríonn ár suíomh gréasáin nua iarracht fhadtéarmach feabhas a chur ar chuma, ar bhraistint agus ar ghnéithe nascleanúna an tsuímh gréasáin, le béim faoi leith ar a chinntiú gur féidir le gach úsáideoir nascleanúint a dhéanamh air go héasca agus go bhfuil sé tarraingteach ó thaobh amhairc de freisin. Cuirfear gnéithe agus faisnéis nua leis ar bhonn leanúnach.

Céard atá nua?

Dátheangach: Ag teacht le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, tá an suíomh gréasáin go hiomlán dátheangach. Aistreofar gach nuashonrú ar bhonn rialta.

Inrochtaineacht: Cumasaíonn an suíomh gréasáin rochtain éasca d'úsáideoirí, beag beann ar aois nó cumas. Comhlíonann sé na treoirlínte um Inrochtaineacht Ábhar Suímh Ghréasáin (WCAG) 2.1, atá éigeantach don earnáil phoiblí.

Sofhreagracht mhóibíleach: Chun freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais agus ar mhianta ár gcuairteoirí, tá an suíomh gréasáin curtha in oiriúint go hiomlán do bhrabhsáil ar ghléasanna deisce agus soghluaiste.

Féilire Imeachtaí: Soláthraíonn an féilire ar líne de Thaispeántais agus Imeachtaí na Leabharlainne féilire imeachtaí atá soiléir agus éasca le húsáid, a ligeann d’úsáideoirí cuardach a dhéanamh de réir gnéithe amhail dáta, cineál imeachta, cineál spriocphobail, am, ionad, srl.

Leathanach Baile: Tugann an leathanach baile rochtain dhíreach do chuairteoirí ar gach cuid den suíomh agus ar chatalóg na Leabharlainne chomh maith le buaicphointí gearra ar a bhfuil ar siúl sa Leabharlann.

Nuacht agus Scéalta: An nuacht ghearr, mhealltach a chuireann ár ngnéithe ar Instagram agus Facebook i gcuimhne duit, coimeádfaidh sé cuairteoirí ar an eolas faoi mhíreanna nuachta a bhaineann leis an Leabharlann. Tá Scéalta níos faide ó thaobh ábhair shíorghlasa agus beidh blaganna, vloganna agus físeáin ó fhoireann na Leabharlainne agus ó shaineolaithe ábhair iontu.

Acmhainní oideachais: Soláthraíonn an rannán nua Foghlaim rochtain ar fhaisnéis faoi acmhainní oideachais agus taispeántais na Leabharlainne le húsáid ag múinteoirí, daltaí, mic léinn agus an pobal.

Tacaigh leis an Leabharlann: Is féidir síntiúis a thabhairt don Leabharlann ar líne anois le cárta creidmheasa.

Tá an suíomh gréasáin nua deartha agus forbartha againn i gcomhar leis an ngníomhaireacht dhigiteach Annertech agus leis an ngníomhaireacht chruthaitheach Big-O.