Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Seoladh ‘Stair Chomhroinnte - Tuairimí Éagsúla’

Tionscnamh cultúrtha trasteorann

Dé Céadaoin, 8 Samhain 2023
graphic for shared histories project

Tá ríméad orainn dul i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall, Músaem Grianghraf na hÉireann, an tIonad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn, agus an Nerve Centre, Doire maidir le seoladh an tionscadail grianghrafadóireachta trasteorann uaillmhianach.

Is tionscnamh claochlaitheach é ‘Stair Chomhroinnte - Tuairimí Éagsúla’ atá deartha chun pobail a mhealladh ar dhá thaobh na teorann, agus iad a spreagadh chun a n-oidhreacht a fhiosrú agus eispéiris a roinnt trí mheán na grianghrafadóireachta.

Oibreoidh foireann an tionscadail le rannpháirtithe chun cartlann ghrianghrafadóireachta ollmhór Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a chuardach chun taighde a dhéanamh ar an gcaoi a léiríodh a gceantar go stairiúil trí ghrianghrafadóireacht. Fiosróidh na rannpháirtithe sa tionscadal a n-albaim theaghlaigh féin, agus roinnfidh siad saothar le déanaí ó ghriangrafadóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta a léirigh na pobail éagsúla seo.

Earcófar ealaíontóir a bhfuil taithí aige/aici chun comhoibriú leis na rannpháirtithe chun léiriú comhaimseartha a chruthú ar thailte na teorann. Sa tionscadal cruthófar cartlanna grianghrafadóireachta inbhuanaithe nua, a roinnfear go háitiúil ag imeachtaí poiblí comhchoimeádaithe agus ar ardáin meán sóisialta d’fhonn caidrimh nua a bhunú a mhairfidh i bhfad.

Le tuilleadh eolais a fháil agus lena fháil amach conas is féidir leat páirt a ghlacadh ann, téigh chuig www.photomuseumireland.ie.

-----

Comhpháirtithe Trasteorann:

- An tIonad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn

- Nerve Centre, Doire

- Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

- Músaem Grianghraf na hÉireann