Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Réimse earraí a fuarthas in 2022 á nochtadh ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

An bronnadh armais Éireannach is luaithe agus freagra an aire ar achainí chun tuilleadh tae a fháil nuair a bhí ciondáil i bhfeidhm le linn an Dara Cogadh Domhanda

Dé Máirt, 20 Nollaig 2022
Grianghraif dubh agus bán taobh istigh den albam grianghraf Elizabeth 'Lollie' Corbet Yeats

Albam grianghraf Elizabeth 'Lollie' Corbet Yeats (ALB510)

Tá réimse earraí a fuarthas don bhailiúchán náisiúnta in 2022 nochta ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (LNÉ).

I measc an ábhair a bailíodh tá an bronnadh armais Éireannach is luaithe a bhfuil eolas air, ó 1554; albam grianghraf agus foscríbhinní curtha de láimh leis ó Elizabeth 'Lollie' Corbet Yeats, deirfiúr le WB Yeats; litir ó aire mar fhreagra ar achainí le tuilleadh tae a fháil nuair a bhí ciondáil i bhfeidhm le linn an Dara Cogadh Domhanda; agus póstaeir ó na 1960idí ó thithe pictiúrlainne i bPort Laoise agus Mala.

Agus í ag labhairt ar na hearraí nua a cuireadh leis an mbailiúchán náisiúnta in 2022, arsa Stiúrthóir Gníomhach LNÉ, Katherine McSharry: “Obair ó cheann ceann na bliana d’fhoireann LNÉ atá ann cuimhne na hÉireann i ngach aois a bhailiú, bíodh sin earraí ón 16ú haois nó ó 2022.  Cuirtear na mílte earraí — leabhair, nuachtáin, grianghraif, litreacha, láithreáin ghréasáin agus go leor eile — le bailiúcháin NLI agus déantar iad a chatalógú gach bliain. Faightear cuid acu faoi thaisce dhlíthiúil — an ceanglas reachtúil go ndéanfar cóip den ábhar ar fad a fhoilsítear in Éirinn a thaisceadh le leabharlanna áirithe, lena n-áirítear NLI — bronnann daoine aonair nó eagraíochtaí cuid acu, agus is ceannacháin iad cuid eile. Cuidiú atá i ngach ceann acu scéalta na hÉireann a insint.”

Is féidir an phreaseisiúint iomlán a léamh anseo.