Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Sraith Podchraoltaí | |Radical!: Women and the Irish Revolution

Suíomh
Soundcloud
Spriocphobal
Iar-Bhunscoil
Fad ama
Braitheann sé
Cineál acmhainne
Podchraoladh
Praghas
Saor in aisce
Suíomh
Soundcloud
Spriocphobal
Iar-Bhunscoil
Fad ama
Braitheann sé
Cineál acmhainne
Podchraoladh
Praghas
Saor in aisce
Soundcloud
Introduction Text
Radical!: Women and the Irish Revolution; is sraith podchraoltaí é seo a chruthaigh an Dr Julie Morrissy mar chuid den chlár File Cónaithe ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le linn na Deich mBliana de Chomóradh Céad Bliain 2012-2023.

Sa tsraith podchraoltaí, tagann aíonna éagsúla i dteannta Morrissy chun labhairt faoina taithí agus í ag smaoineamh agus ag scríobh faoi chuid de na mná is tábhachtaí i stair na hÉireann. Tugtar cuireadh d’éisteoirí páirt a ghlacadh i bpróisis foghlama agus chruthaitheacha Morrissy ina ról ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, agus a tionscadal a leanúint de réir mar a théann sé ar aghaidh.

Brúigh an cnaipe Éist Anois ar bharr an leathanaigh le héisteacht leis an tsraith ar fad, nó roghnaigh clár ar leith thíos.

Episode 1 of Radical!: Women and the Irish Revolution with Dr Susan Cahill

Episode 2 of Radical!: Women and the Irish Revolution with Dr Alice Rekab

Episode 3 of Radical!: Women and the Irish Revolution with Seán Hewitt

Episode 4 of Radical!: Women and the Irish Revolution | Voices of the Archive

 

The music for the Radical!: Women and the Irish Revolution is from “Saharakungoh” by Fehdah

Is é Músaem Litríochta na hÉireann atá i mbun fuaime agus léiriúcháin.

Maidir leis an Dr Julie Morrissy

Is file, léachtóir, léirmheastóir agus gníomhaí í an Dr Julie Morrissy. Is File Cónaithe í ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann – an chéad cheann ag an Leabharlann Náisiúnta faoi chlár Deich mBliana na gCuimhneachán, atá maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá tionscadal Morrisy, Radical!: Women and the Irish Revolution comhdhéánta de shraith sraith nua dánta agus sraith podchraoltaí. Cuimsíonn a cleachtas filíochta comhoibríoch meán measctha lena n-áirítear scannán, beochan, íomhá gluaisteach, agus taibhiú, agus cuireadh a saothar ar taispeáint ag Féile na nAmharcealaíon TULCA 2020. Is í an scríbhneoir coimisiúnaithe í le haghaidh foilseachán Fire Station Artist Studio FILE NOTE, faighteoir Dámhachtain Chónaitheachta Amharclainne MAKE, agus Dámhachtain 'Next Generation' na Comhairle Ealaíon. Ba í an chéad Chomhalta John Pollard Newman sa Chruthaitheacht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá a céad chnuasach, Where, the Mile End, foilsithe ag Book*hug (Ceanada) agus tall-lighthouse (RA).

Léigh tuilleadh faoin Dr Julie Morrissy ag www.juliemorrissy.com.

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie