Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Stair agus Oidhreacht Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

D'Fhéile Staire Bhaile Átha Cliath | Ar Líne | As Gaeilge
Dáta
-
Catagóir Imeacht
Praghas Saor in aisce
Dáta
-
Catagóir Imeacht
Praghas Saor in aisce
National Library of Ireland exterior

National Library of Ireland exterior.

Ar Líne

Bígí i dteannta Máire Ní Chonalláin don chaint Ghaeilge seo ag Féile Staire Bhaile Átha Cliath.

Díreoidh an chaint seo ar oidhreacht ailtireachta agus luathstair na Leabharlainne Náisiúnta. Bainfear leas as meascán de ghrianghraif stairiúla ón gCartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, léaráidí ailtireachta agus íomhánna níos nua aimseartha chun scéal bunaithe na Leabharlainne, agus na daoine a chruthaigh í, a insint.     Díreoidh an chaint seo ar oidhreacht ailtireachta agus luathstair na Leabharlainne Náisiúnta. Bainfear leas as meascán de ghrianghraif stairiúla ón gCartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, léaráidí ailtireachta agus íomhánna níos nua‑aimseartha chun scéal bunaithe na Leabharlainne, agus na daoine a chruthaigh í, a insint.

 

Máire Ní Chonalláin

Is coimeádaí cúnta sa Leabharlann Náisiúnta í Máire Ní Chonalláin a bhfuil breis agus tríocha bliain de thaithí aici mar leabharlannaí.  Tá sí ag obair i Roinn na mBailiúchán Foilsithe i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann áit a mbíonn sí ag gabháil le catalógú leabhair uathúla.  Oibríonn sí freisin mar Leabharlannaí ar Dualgas sa phríomh sheomra léitheoireachta gach seachtain.  Tá suim speisialta aici sa stair áitiúil agus in athbheochan na Gaeilge.  Cuireann sí ciorcal comhrá ar siúl gach Aoine sa Leabharlann áit ar féidir le baill foirne agus muintir an phobail cleachtadh a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge labhartha agus fáil amach mar gheall ar imeachtaí sa Leabharlann.  Déanann Máire iarracht déanamh cinnte de go bhfuil na bailiúcháin náisiúnta atá sa Leabharlann ar fáil don léitheoir a éilíonn iad.  

Más féidir lenár bhfoireann cabhair a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie.