Taispeántas | Daoine agus Áiteanna: Éire sa 19ú agus 20ú hAois
- Ar an láthair

Bridget Sweeney ag Bearna an Choimín, Cill Áirne, Co. Chiarraí, thart ar 1860 - 1870 (STP _2852)
Súil siar tríd an lionsa ceamara ar 150 bliain den saol in Éirinn in íomhánna a roghnaíodh as cuid dár mbailiúcháin ghrianghrafadóireachta is mó ráchairt.
Coimeádann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann breis agus cúig mhilliún grianghraf inár mbailiúcháin, agus cruthaíonn siad taifead uathúil agus suimiúil ar an saol in Éirinn.
Léiriú é an taispeántas seo ar chaoga ceann de na grianghraif sin, ina nochtar daoine agus áiteanna ar oileán na hÉireann idir na 1850idí agus casadh an 21ú céad.
Caoga grianghraf a tógadh idir 1858 agus 2001 atá in Daoine agus Áiteanna – tréimhse a chlúdaíonn ré na grianghrafadóireachta analógaí in Éirinn. I measc na mbailiúchán atá faoi thrácht tá Bailiúchán Grianghraf Chluain Broc, Bailiúchán Lawrence, Bailiúchán Poole, Bailiúchán Grianghraf Wiltshire agus go leor eile. I measc na ngrianghraf atá ar taispeáint tá cineálacha pictiúr a tógadh nuair nach raibh an ré sin ach ina tús, ar nós péirí íomhánna steiréó agus priontaí a rinneadh trí phróiseas lenar cuireadh tuaslagán salainn ar pháipéar. Tá cineálacha grianghrafadóireachta ó thráth is gaire den lá inniu le feiceáil sa taispeántas freisin.
Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie