Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Taispeántas | Daoine agus Áiteanna: Éire sa 19ú agus 20ú hAois

  • Ar an láthair
Dáta Ar siúl go 2025 | 10am-4p, Luan go Domhnach, cead isteach deiridh 3.30pm
Suíomh An Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2, D02 WF85
Catagóir Taispeántas
Praghas Saor in aisce, ní gá duit áirithint a bheith agat
Dáta Ar siúl go 2025 | 10am-4p, Luan go Domhnach, cead isteach deiridh 3.30pm
Suíomh An Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2, D02 WF85
Catagóir Taispeántas
Praghas Saor in aisce, ní gá duit áirithint a bheith agat
Bridget Sweeney ag díol sólaistí ag Bearna an Choimín i gCiarraí timpeall 1860-1870

Bridget Sweeney ag Bearna an Choimín, Cill Áirne, Co. Chiarraí, thart ar 1860 - 1870 (STP _2852)

Súil siar tríd an lionsa ceamara ar 150 bliain den saol in Éirinn in íomhánna a roghnaíodh as cuid dár mbailiúcháin ghrianghrafadóireachta is mó ráchairt.

Coimeádann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann breis agus cúig mhilliún grianghraf inár mbailiúcháin, agus cruthaíonn siad taifead uathúil agus suimiúil ar an saol in Éirinn.

Léiriú é an taispeántas seo ar chaoga ceann de na grianghraif sin, ina nochtar daoine agus áiteanna ar oileán na hÉireann idir na 1850idí agus casadh an 21ú céad.  

Caoga grianghraf a tógadh idir 1858 agus 2001 atá in Daoine agus Áiteanna – tréimhse a chlúdaíonn ré na grianghrafadóireachta analógaí in Éirinn. I measc na mbailiúchán atá faoi thrácht tá Bailiúchán Grianghraf Chluain Broc, Bailiúchán Lawrence, Bailiúchán Poole, Bailiúchán Grianghraf Wiltshire agus go leor eile. I measc na ngrianghraf atá ar taispeáint tá cineálacha pictiúr a tógadh nuair nach raibh an ré sin ach ina tús, ar nós péirí íomhánna steiréó agus priontaí a rinneadh trí phróiseas lenar cuireadh tuaslagán salainn ar pháipéar. Tá cineálacha grianghrafadóireachta ó thráth is gaire den lá inniu le feiceáil sa taispeántas freisin.

The National Library of Ireland holds over five million photographs in our collections, and they create a unique and fascinating record of life in Ireland.

This exhibition showcases 50 of those photographs, revealing the people and places of the island of Ireland from the 1850s to the turn of the 21st century in images.  

People and Places comprises photographs taken between 1858 – 2001, representing the age of analogue photography in Ireland. Featured collections include the Clonbrock Photographic CollectionLawrence CollectionPoole CollectionThe Wiltshire Photographic Collection and more. Photographs on display include early forms such as salt paper print and stereo-pair up to more contemporary photography.

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie