Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Taispeántas ar Líne | Cumhacht agus Pribhléid: An Teach Mór in Éirinn

Dáta Taispeántas Buan ar Líne
Suíomh Ar Líne
Catagóir Taispeántas
Praghas Saor in aisce
Dáta Taispeántas Buan ar Líne
Suíomh Ar Líne
Catagóir Taispeántas
Praghas Saor in aisce
Grianghraf dubh agus bán de Theach Parkanaur, Co. Thír Eoghain, teach mór agus garraithe

Teach Parkanaur, Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain (L_ROY_03945)

Ar Líne

Déan iniúchadh ar an saol ar eastáit na "Tithe Móra" tríd an taispeántas ar líne seo ag tarraingt ar go leor de bhailiúcháin ghrianghrafadóireachta Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Ba iad “Tithe Móra” na hÉireann tithe móra tuaithe na dtiarnaí talún áitiúla. Nochtann na híomhánna go leor faoin ailtireacht, gairdíní, teaghlaigh agus foireann na n-eastát talún, ar fud oileán na hÉireann, sular athraigh an réabhlóid pholaitiúil i dtús an fhichiú haois a ról i sochaí na hÉireann.

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie

Taispeántas ar Líne | Cogadh Domhanda na hÉireann

Dáta Taispeántas Buan ar Líne
Suíomh Ar Líne
Catagóir Taispeántas
Praghas Saor in aisce
Dáta Taispeántas Buan ar Líne
Suíomh Ar Líne
Catagóir Taispeántas
Praghas Saor in aisce
Póstaer liostála ar a bhfuil saighdiúir óg agus raidhfil le gualainn aige. An téacs: <i>"Be ONE of the 300,000" "Enlist Today and have it to say YOU helped to beat the Germans" "Go to the recruiting officer and join an Irish regiment"</i>

Póstaer liostála (EPH F93)

Ar Líne

I samhradh 1914, thosaigh cogadh san Eoraip a d’athródh an domhan go deo. Dírítear sa taispeántas ar líne seo ar ghnéithe uathúla an eispéiris WWI in Éirinn.

In Éirinn, thacaigh go leor acu leis an gcúis agus chuaigh siad i mbun troda nó thaistil siad le freastal ar sheirbhísí altranais agus cúnta. Chuir daoine eile i gcoinne an chogaidh ar chúiseanna morálta, sóisialta nó polaitiúla. Faoin am ar tháinig deireadh leis an gcoimhlint in 1918, bhí a tionchar le brath fud fad na tíre.

Tarraingíonn an taispeántas ar bhailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann de litreacha, dialanna, póstaeir earcaíochta, tuairiscí nuachtáin, cartúin, agus billí láimhe ó 1914-1918.

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie

Taispeántas ar líne | Terence MacSwiney, “a patriot of plain men”

Dáta Taispeántas Buan ar Líne
Suíomh Ar Líne
Catagóir Taispeántas
Praghas Saor in aisce
Dáta Taispeántas Buan ar Líne
Suíomh Ar Líne
Catagóir Taispeántas
Praghas Saor in aisce
Grianghraf portráide dubh agus bán de Thoirdhealbhach Mac Suibhne

Portráid de Thoirdhealbhach Mac Suibhne,Bailiúchán Grianghraf de Phearsana Pholaitiúla na hÉireann, thart ar 1918 (NPA POLF187)

Ar Líne

Scrúdaíonn Terence MacSwiney, “a patriot of plain men” scéal Terence MacSwiney, drámadóir agus poblachtach stuama, agus príomhbhall d’Óglaigh na hÉireann agus den IRA i gCorcaigh.

Gabhadh MacSwiney agus cuireadh i bpríosún é go minic, ach tar éis é a ghabháil i mí Lúnasa 1920 chuaigh sé ar stailc ocrais.

Léiríonn déantúsáin ó bhailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann gur tragóid uafásach phearsanta a bhí i mbás mall MacSwiney dá theaghlach, agus gur imeacht ríthábhachtach é i gCogadh na Saoirse. Éacht cumhachtach bolscaireachta a bhí ann freisin ar son neamhspleáchas na hÉireann, agus crá croí morálta agus polaitiúil do rialtas na Breataine.

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie

Taispeántas ar Líne | Ó Shuaitheadh go Sos: Grianghraif de Chogadh na Saoirse

Dáta Taispeántas Buan ar Líne
Suíomh Ar Líne
Catagóir Taispeántas
Dáta Taispeántas Buan ar Líne
Suíomh Ar Líne
Catagóir Taispeántas
Sean-ghrianghraf d’Iníon de Brún agus giuirléidí s’aici timpeall uirthi, taobh amuigh dá teach ar An Maoilinn, Co. Chorcaí, a scriosadh in ionsaí díoltais ag na Dúchrónaigh. 7 Eanáir 1921

Iníon de Brún, taobh amuigh dá teach ar An Maoilinn, Co. Chorcaí, a scriosadh in ionsaí a rinne na Dúchrónaigh, 7 Eanáir 1921 (HOGW 118)

Ar Líne

Tá na híomhánna dubh agus bán. Níl na saincheisteanna.

Ó Shuaitheadh go Sos: Scrúdaítear in ‘Grianghraif de Chogadh na Saoirse’ príomhghnéithe Chogadh Saoirse na hÉireann trí bhailiúcháin grianghraf Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. 

Tír chontúirteach í Éire in 1920 agus 1921. Ar fud na tíre, tá fórsaí smachtúla na Breataine i mbun troda le haonaid d’Óglaigh na hÉireann atá ag éirí níos gasta, níos ionsaithí. Gafa i lár báire tá gnáthdhaoine atá ag iarraidh a saol a chaitheamh ag an am iontach cinniúnach seo.

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie