Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Seomra Léitheoireachta galánta oscailte ag NLI agus clár nua d’imeachtaí tráthnóna ann

Turais, cainteanna agus taibhiú mar chuid den chlár

Dé Luain, 26 Meán Fómhair 2022
Stiúrthóir Gníomhach NLI Katherine McSharry agus ceathrar ban óg ina timpeall, agus í ag comharthú lena lámh i bPríomhsheomra Léitheoireachta NLI

Katherine McSharry, Stiúrthóir Gníomhach NLI, ag tabhairt cuairteoirí ar thuras timpeall an tSeomra Léitheoireachta

 

Bí linn ar thuras tráthnóna thart ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, bí ag foghlaim linn faoi thraidisiúin Oíche Shamhna na hÉireann trí mheán an cheoil agus an léirithe agus bí linn ag éisteacht le scoláirí ceannródaíocha agus Cogadh na gCarad á phlé acu. Sin blaiseadh den mhéid a bheidh ar fáil ag cuairteoirí ar NLI mar chuid den chlár nua d’imeachtaí iar-ama a fógraíodh inniu (26.09.22). Tá gach imeacht saor in aisce agus beidh an mhórchuid acu ar siúl i Seomra Léitheoireachta íocónach NLI. Le tús a chur leis an gclár tabharfaidh an Stiúrthóir Gníomhach, Katherine McSharry, an chéad turas i sraith turas tráthnóna nua. Le linn an turais 30 nóiméad, beifear ag leanúint lorg na scríbhneoirí, smaointeoirí agus réabhlóidithe a bhain leas as an Leabharlann Náisiúnta, chomh maith leis an bhfoirgneamh spéisiúil agus a rúin a fhiosrú. I ndiaidh an turais, beidh aíonna in ann grianghraif a ghlacadh sa seomra léitheoireachta álainn, áit a bhfuil am caite ag scríbhneoirí idir James Joyce, Kate O’Brien agus Séamus Heaney, iad sa tóir ar inspioráid, i mbun saothar a chumadh agus aislingí a fhíorú.

Seo a dúirt Katherine McSharry, Stiúrthóir Gníomhach na Leabharlainne Náisiúnta: “Agus an fómhar ag teannadh linn, táimid ag cur fáilte roimh chuairteoirí teacht chuig an seomra léitheoireachta gleoite atá againn ar Shráid Chill Dara le freastal ar imeachtaí tráthnóna saor in aisce. Tá léiriú ar bhailiúcháin luachmhara éagsúla na Leabharlainne Náisiúnta le fáil inár gclár. Táim ag dúil go speisialta le turais a chur ar fáil thart ar an bhfoirgneamh ar dóigh atá againn agus cuid de na scéalta is ansa linn a insint, cuid acu lán iontais.” 

I measc na mbuaicphointí sa chlár tá:

27 Meán Fómhair, 25 Deireadh Fómhair agus 29 Samhain (gach ceann acu ar an Máirt) ar 7pm: Turais thart ar NLI arna dtreorú ag Katherine McSharry, Stiúrthóir Gníomhach.  

Déardaoin, an 29 Meán Fómhair ar 8pm: ‘The felon’s cap is the noblest Crown an Irish head can wear’, léacht leis an iriseoir agus staraí Ronan McGreevy agus leas á bhaint aige as a leabhar úr ‘Great Hatred: The Assassination of Field Marshal Sir Henry Wilson MP’.

Déardaoin, an 13 Deireadh Fómhair ar 8pm: Cuirfidh staraí ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, tús le sraith léachtaí atá eagraithe i gcomhar le foireann eagarthóireachta Atlas of the Irish Revolution agus léacht aige dar teideal ‘The Dead of the Irish Civil War’. 

Dé hAoine, an 21 Deireadh Fómhair ar 8pm: ‘The Irish Hallowe’en Experience: Dressing Up and Knocking on Doors’: beidh tú in ann na traidisiúin a bhaineann le hOíche Shamhna a fhiosrú trí mheán an cheoil agus an léirithe i gcuideachta Michael Fortune, ceoltóir agus béaloideasóir, agus na haíonna a bheidh ina theannta.

Dé hAoine, an 11 Samhain ar 8pm: Beidh na húdair Martina Devlin, Emily Hourican agus Marianne Lee ag comhrá le Paul McVeigh agus plé á dhéanamh acu ar an bhficsean a úsáid le beocht a chur sa stair mar chuid d’Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath. 

Beidh ceol na Nollag againn um thráthnóna i mí na Nollag i bhforhalla na Leabharlainne Náisiúnta chun clabhsúr a chur le clár na bliana. 

Geilleagar na hoíche 

Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tar éis tacú le clár fómhair NLI. Tá an Roinn tar éis tús áite beartais a thabhairt do Gheilleagar na hOíche a fhorbairt i mbailte móra agus i gcathracha na hÉireann. 

Arsa an tAire Catherine Martin: Tá sé an-tábhachtach go mbeidh éagsúlacht ag baint leis an méid atá á thairiscint againn mar chuid de Gheilleagar na hOíche agus é inrochtana ag daoine a bhfuil suim acu i réimse leathan ábhar. Tá ár bhForais Chultúrtha Náisiúnta tar éis a léiriú go bhfuil siad fíorthoilteanach ó thaobh a bheith páirteach, tacaíocht a thabhairt do thionscnamh Gheilleagar na hOíche agus fáilte a chur roimh chuairteoirí níos déanaí sa lá.  Clár fíorspéisiúil is ea clár NLI a chuirfidh go mór le Siamsaíocht na hOíche sa chathair le linn an fhómhair.”

Seo mar a labhair Cathaoirleach Bhord na Leabharlainne Náisiúnta, Eoin McVey: “Táimid iontach buíoch den Aire Catherine Martin agus den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as ucht a gcuid tacaíochta i rith an ama a chuireann ar ár gcumas dúinn clár seo an fhómhair a chur ar fáil. Aithnímid an tábhacht a bhaineann le Geilleagar Oíche atá beoga, éagsúil agus inbhuanaithe ar mhaithe leis an earnáil ealaíon agus cultúir go sonrach agus le saol na hÉireann go ginearálta.  Tá NLI ag fáiltiú roimh an gceannaireacht atá léirithe ag an Roinn agus ag an Aire agus tá lúcháir orainn ár gcion a dhéanamh le linn na n-imeachtaí atá ar na bacáin againn ar Shráid Chill Dara.”

Le tuilleadh eolais a fháil, féach www.nli.ie