Home, National Library of Ireland
Roghchlár

An Ciorcal Comhrá

Dé Luain, 3 Iúil 2023
Joyce finger puppet sitting on steps outside the nLI

Buaileann Ciorcal Comhrá Gaeilge na Leabharlainne Náisiúnta le chéile gach Aoine ag a 10.30 rn ag na suíocháin lasmuigh den phríomh fhoirgneamh faoin póirseáid.

Táimid ag bualadh le chéile le ceithre nó cúig bliana anois. Bíonn cúigear nó seisear baill foirne i láthair de ghnáth ar a laghad agus céad mile fáilte roimh chuairteoirí, léitheoirí agus muintir an phobail go ginearálta ar mian leo comhrá agus comhluadar a bheith acu as Gaeilge. Ní gá bheith líofa. Is féidir suí agus éisteacht más fearr leat é sin.  

Bhuail muid go rialta gach seachtain ar Zoom i rith an dianghlasáil leis agus thug muid tacaíocht dá chéile i rith an aimsir dúshlánach sin. Labhrann muid faoi gach saghas rud agus seoltar ríomhphost amach go dtí an bhfoireann iomlán faoin gciorcal comhrá thart ar uair sa mhí chun a mheabhrú do gach duine go bhfuil sé ar siúl agus chun iad a spreagadh chun Gaeilge a labhairt i measc a gcomhluadar féin munar féidir leo teacht go dtí an ciorcal comhrá rialta. 

Bíonn a lán léitheoirí le Gaeilge ag teacht go dtí na Seomraí Léitheoireachta nó ag déanamh comhfhreagras leis an Leabharlann tré ríomhphost nó ar an teileafón. Is minic a roinneann muid seanfhocail sa ríomhphost agus foclóir coitianta a úsáidfí i gcumarsáid leabharlainne. Cabhraíonn an ghluais sin le gach duine feabhas a chur ar a léacsacan Gaeilge. Uaireanta tagann comhghleacaithe ón Ardmhusaem agus ó Rannóg an Aistriúcháin agus ó oifigí stát timpeall ar Shráid Chill Dara chun bheith linn agus is breá linn nuair is féidir leo teacht.  

Is í an Ghaeilge céad teanga na tíre seo. Munar féidir le muintir an phobail seirbhís tré Ghaeilge a fháil sa Leabharlann Náisiúnta, cá háit sa stát ar féidir leo bheith ag súil le seirbhís tré Ghaeilge a fháil? 

Seanfhocal an lae: "You can’t judge a book by its cover – Ní mar a shíltear a bhítear. Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste."