Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Físeán agus Acmhainn In-Íoslódáilte | Stair á Nochtadh: Kathleen Clarke

Suíomh
YouTube
Spriocphobal
Bunscoil
Iar-Bhunscoil
Tríú Leibhéal
Scoileanna Teanga
Foghlaim ar feadh an tSaoil agus Pobail
Fad ama
0:45 nóim
Cineál acmhainne
Acmhainn In-íoslódáilte
Físeán
Suíomh
YouTube
Spriocphobal
Bunscoil
Iar-Bhunscoil
Tríú Leibhéal
Scoileanna Teanga
Foghlaim ar feadh an tSaoil agus Pobail
Fad ama
0:45 nóim
Cineál acmhainne
Acmhainn In-íoslódáilte
Físeán
Introduction Text
Nochtar san fhíseán tosaigh seo agus san aiste bheathaisnéise in-íoslódáilte saol agus aimsir Kathleen Clarke trí bhailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann mar chuid den tionscadal Stair á Nochtadh.

Mar ghníomhaí poblachtach, baintreach ó Éirí Amach na Cásca 1916, tiomsaitheoir airgid carthanachta, agus feachtasóir ar son athrú sóisialta, bhí Clarke ar cheann de na pearsana tosaigh i dtréimhse réabhlóideach na hÉireann. Bhí baint lárnach aici le bunú Chumann na mBan, agus bhí sí ina ball de pháirtí tionchair Shinn Féin freisin, ina comhairleoir ar Bhardas Bhaile Átha Cliath agus ina Teachta Dála, agus ba í an chéad bhean í a bhí ina hArdmhéara ar Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh sin.

Maidir le Stair á Nochtadh

Cuirtear i dtábhacht i Stair á Nochtadh scéalta ceathrar, Austin Clark, Hanna Sheehy-Skeffington, Kathleen Clarke, agus Art Ó Gríofa, a bhí lárnach in imeachtaí 1922 agus 1923 in Éirinn. Cuirtear i dtábhacht sna ceithre fhíseán agus san aiste bheathaisnéise grianghraif digitithe, litreacha, iontrálacha dialainne, agus go leor eile ó bhailiúcháin shaibhre na Leabharlainne.

Scrúdaítear san ábhar bunú eagraíochtaí tábhachtacha cosúil le Sinn Féin le hArt Ó Gríofa, iriseoir agus polaiteoir a bhí ar dhuine de na príomh-idirbheartaithe sa sos cogaidh a chuir deireadh le Cogadh na Saoirse. Nochtar i saol agus gníomhartha chomhbhunaitheoir Chumann na mBan, Kathleen Clarke, na róil a bhí aici ó choimeádaí cuimhní Éirí Amach na Cásca 1916, go dtí a gairm pholaitiúil ardtionchair agus a ceapadh mar an chéad Ard-Mhéara mná ar Bhaile Átha Cliath. Léiríonn na hábhair freisin an tionchar a bhí ag gluaiseacht vótála na mban ar shochaí na hÉireann agus ar an ngluaiseacht náisiúnach trí fhocail agus gníomhartha Hanna Sheehy-Skeffington, polaiteoir náisiúnach agus sufraigéid mhíleatach. Ar deireadh, léirítear i scéal Austin Stack an tábhacht a bhaineann le hAthbheochan Chultúrtha na hÉireann agus grúpaí mar an Cumann Lúthchleas Gael don fhéiniúlacht Éireannach agus don náisiúnachas cultúrtha. Buaiteoir boinn uile-Éireann ab ea Stack, a raibh baint mhór aige le gníomhaíochtaí míleatacha náisiúnacha.

Léiríonn saolta na bpríomhdhaoine seo, a gcaidrimh, a gcreidimh pholaitiúla agus a ngníomhartha, an t-athrú ollmhór a tharla ar fud na hÉireann agus an domhain i dtús an fhichiú haois. Léiríonn a scéalta go háirithe an tionchar a bhí ag an gCogadh Cathartha ar shochaí na hÉireann agus na hiarmhairtí fadtéarmacha a bhí mar thoradh ar an deighilt seo ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.

Ní léiríonn an t-ábhar seo ach cuid de na mílte ábhar digitithe de chuid na Leabharlainne a insíonn scéal na tréimhse 1913-1923, rud nárbh fhéidir a chur ar fáil gan an maoiniú a fuarthas ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is féidir rochtain a fháil air ó áit ar bith ar fud an domhain trí chatalóg ar líne na Leabharlainne.

Féach anois

Íoslódáil an PDF

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie