Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Ceardlann Iar-bhunscoile | Filíocht Yeats: “Meán Fómhair 1913” & “Cáisc 1916”

Suíomh
Ar Líne trí Zoom
Spriocphobal
Iar-Bhunscoil
Fad ama
Tuairim 35 nóim
Cineál acmhainne
Ceardlann
Praghas
Saor in aisce, áirithint ag teastáil
Suíomh
Ar Líne trí Zoom
Spriocphobal
Iar-Bhunscoil
Fad ama
Tuairim 35 nóim
Cineál acmhainne
Ceardlann
Praghas
Saor in aisce, áirithint ag teastáil
Roinnt leathanach de phas WB Yeats leagtha amach go cothrom
Leathanaigh de phas WB Yeats (MS 30,219) 

 

Ar Líne
Introduction Text
Fiosraigh comhthéacs stairiúil fhilíocht WB Yeats leis an gceardlann seo ar na dánta “September 1913” agus “Easter 1916”.

Áirítear sa cheardlann seo réamhrá ar Yeats agus a shaol, léamh ar gach dán, agus scrúdú ar cad ba chúis le Yeats na dánta sin a scríobh, ag baint úsáide as míreanna ó bhailiúchán Leabharlann Náisiúnta na hÉireann chun an scéal a insint.

Gheobhaidh na daltaí tuiscint níos láidre ar an dá dhán sa cheardlann, agus tugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i léamh na ndánta.

Tá sí oiriúnach do gach dalta iar-bhunscoile, agus bheadh suim ar leith acu siúd atá ag déanamh staidéir ar an mBéarla agus ar an Stair.

Fiosraigh Anois: Ceardlann Iar-bhunscoile | Filíocht Yeats: “Meán Fómhair 1913” & “Cáisc 1916”

Go raibh maith agat as spéis a léiriú i seisiún a chur in áirithe lenár bhfoireann. Comhlánaigh an fhoirm thíos leis an oiread sonraí agus is féidir. Cé nach foirm áirithinte í seo agus nach bhfuil aon chinnteacht ann go mbeadh am seisiúin ar leith ar fáil, beidh ball den fhoireann i dteagmháil leat a luaithe is féidir maidir le do cheist. Táimid ar fáil freisin tríd an ríomhphost ag learning@nli.ie.
Ceardlann Iar-bhunscoile | Filíocht Yeats: “Meán Fómhair 1913” & “Cáisc 1916”
Tabhair faoi deara go bhfuil níos mó ná am amháin ann.
Cabhraigh linn an t-eispéireas is fearr is féidir a sholáthar trí aon eolas ábhartha breise a lua i.e. sainspéiseanna, riachtanais bhreise, má tá súil agat cuairt a thabhairt ar roinnt láithreacha de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann srl.

Déanfaidh NLI na sonraí pearsanta a thabharfaidh tú dúinn a phróiseáil de réir ár Ráitis Príobháideachais Sonraí.

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie