Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Caint Iar-bhunscoile | Réamhrá ar Thaighde i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Suíomh
Ar Líne trí Zoom
Spriocphobal
Iar-Bhunscoil
Fad ama
30-45 nóim
Cineál acmhainne
Caint
Praghas
Saor in aisce, áirithint ag teastáil
Suíomh
Ar Líne trí Zoom
Spriocphobal
Iar-Bhunscoil
Fad ama
30-45 nóim
Cineál acmhainne
Caint
Praghas
Saor in aisce, áirithint ag teastáil
Feictear próifíl mná ag baint úsáide as ríomhaire glúine le cúlra pictiúrtha agus loch cois talaimh i gcéin ann
Ar Líne
Introduction Text
Tabharfar eolas do dhaltaí ar bhailiúcháin agus ar sheirbhísí Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus taispeánfar dóibh conas catalóg na Leabharlainne a úsáid chun a dtaighde neamhspleách féin a thosú.

Cuirfidh an chaint i láthair bailiúcháin éagsúla agus foinsí ar líne na Leabharlainne ó nuachtáin, cartúin pholaitiúla, litreacha, dialanna, grianghraif agus léarscáileanna a thugann beatha do stair shóisialta, chultúrtha, pholaitiúil agus eacnamaíoch na hÉireann le mílaois anuas.

Foghlaimeoidh do rang conas catalóg na Leabharlainne a chuardach, conas ticéad léitheora a fháil, conas ábhar a ordú.

Tá an chaint seo feiliúnach do gach dalta staire iar-bhunscoile, agus tá an rogha ann an chaint a oiriúnú chun díriú ar fhócas an ranga de réir an churaclaim. Baineann sé go háirithe le scoláirí na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí atá ag déanamh taighde neamhspleách ar an stair mar chuid de na Measúnuithe Rangbhunaithe agus den Tionscadal Taighde Staire.

Nascann an chaint le cuspóirí foghlama na Sraithe Sóisearaí do Shnáithe a hAon faoi fhorbairt chomhfhiosacht stairiúil agus oibriú le fianaise. Cumhdaíonn sé freisin gnéithe d’obair staraí i gcuraclam na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí araon.

Tá an chaint ar líne thart ar 30 go 45 nóiméad ar fad, ach is féidir é seo a choigeartú le freastal ar riachtanais do ghrúpa.

Féach Anois: Conas Catalóg a Chuardach ar YouTube

Fiosraigh Anois: Caint Iar-bhunscoile | Réamhrá ar Thaighde i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Go raibh maith agat as spéis a léiriú i seisiún a chur in áirithe lenár bhfoireann. Comhlánaigh an fhoirm thíos leis an oiread sonraí agus is féidir. Cé nach foirm áirithinte í seo agus nach bhfuil aon chinnteacht ann go mbeadh am seisiúin ar leith ar fáil, beidh ball den fhoireann i dteagmháil leat a luaithe is féidir maidir le do cheist. Táimid ar fáil freisin tríd an ríomhphost ag learning@nli.ie.
Caint Iar-bhunscoile | Réamhrá ar Thaighde i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Tabhair faoi deara go bhfuil níos mó ná am amháin ann.
Cabhraigh linn an t-eispéireas is fearr is féidir a sholáthar trí aon eolas ábhartha breise a lua i.e. sainspéiseanna, riachtanais bhreise, má tá súil agat cuairt a thabhairt ar roinnt láithreacha de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann srl.

Déanfaidh NLI na sonraí pearsanta a thabharfaidh tú dúinn a phróiseáil de réir ár Ráitis Príobháideachais Sonraí.

Más féidir linn aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie