Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Acmhainn In-íoslódáilte | Ábhair Ghearrshaolacha a Fhiosrú

Tús Eolais ar Phóstaeir i Spásanna Poiblí
Spriocphobal
Iar-Bhunscoil
Tríú Leibhéal
Cineál acmhainne
Acmhainn In-íoslódáilte
Spriocphobal
Iar-Bhunscoil
Tríú Leibhéal
Cineál acmhainne
Acmhainn In-íoslódáilte
Léiríonn liteagraf ar bhileog pháipéir bean óg ar fheirm timpeallaithe ag cearca, muca agus ainmhithe feirme eile.

In 1929 b'ionann ár n-iompórtálacha ime ó Shaorstát Éireann agus 566,000 cwts, póstaer (EMB/2)

Ar Líne
Introduction Text
Baineann an acmhainn seo úsáid as míreanna ó bhailiúchán NLI chun iniúchadh a dhéanamh ar ábhair ghearrshaolacha— céard atá i gceist leo, cén chaoi a gcuireann cultúr na sráide leo agus cén chaoi anailís a dhéanamh ar a bhfuil iontu.

Tá ábhair ghearrshaolacha timpeall orainn ar fad cibé an ndéanaimid é a phróiseáil mar sin nó nach ndéanann. Is féidir leo méid iontach eolais a chur ar fáil. Nuair a choinnítear agus a chaomhnaítear rud éigin sealadach, is féidir linn níos mó a thuiscint faoi inspreagadh agus leasanna an duine. Is féidir le duille ticéad traenach ó 70 bliain ó shin eolas a chur ar fáil faoi bhoilsciú praghsanna nó faoin amchlár a bhí ann. Tugann póstaeir pholaitiúla comhthéacs faoi thagairtí agus tuairimí coitianta a bhaineann le toghcháin.

Tugann an acmhainn seo ábhair ghearrshaolacha isteach mar fhianaise stairiúil timpeall orainn.

Íoslódáil an PDF

Tá treoir do mhúinteoirí curtha ar fáil freisin le haghaidh na gníomhaíochta seo. Is féidir leat teacht uirthi sin anseo.

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie