Home, National Library of Ireland
Roghchlár

An tÚdar ab ansa le Jane Austen: Maria Edgeworth Chontae an Longfoirt

  • Ar an láthair
Dáta
-
Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, D02 P638
Catagóir Imeacht
Praghas Saor in aisce
Dáta
-
Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, D02 P638
Catagóir Imeacht
Praghas Saor in aisce
Sketch of a woman at a writing desk.

A hasty sketch by stealth behind the pillar of Maria Edgeworth in the library of Edgeworthstown, April 25th 1848; signed L.L.D.B.; Prints & Drawings Collection at the National Library of Ireland.

‘I have made up my mind to like no novels really but Miss Edgeworth’s, yours and my own.'

Tagann an t-athfhriotal thuas ó litir a scríobh Jane Austen chuig a neacht Anna ar an 28 Meán Fómhair, 1814. 

Bhí Maria Edgeworth ag barr an liosta léitheoireachta a bhí ag Jane Austen. Agus ar an gcaoi chéanna, thaitin úrscéalta Jane le Maria freisin. Ach fiú nuair a bhí Jane ag foilsiú a cuid saothar gan a hainm a chur leo, bhí meas léirithe ar Maria agus cáil bainte amach aici mar go raibh sí ar dhuine de phríomhscríbhneoirí na Breataine. 

Anois tá cúrsaí bun os cionn. Tá iomrá cloiste ag gach duine ar Jane Austen agus tá Maria Edgeworth ligthe chun díchuimhne. Sa chaint seo, fiosraíonn Rachel agus Andrew Knowles an nasc idir Austen agus Edgeworth agus iad ag insint scéal Maria, a chaith cuid mhaith dá saol i Meathas Troim, Contae an Longfoirt. 

Headshot of Rachel Knowles
Rachel Knowles

Is breá le Rachel Knowles críocha sona, Jane Austen, agus gach rud a bhaineann le tréimhse na Leasríochta. Scríobhann sí úrscéalta Rómánsúla ó thréimhse na Leasríochta, atá bunaithe ar chreideamh agus ar maos le sonraí stairiúla. Is comhúdar í ar an mblag mór ráchairte RegencyHistory.net in éineacht lena fear céile, Andrew, agus tugann siad cainteanna go rialta bunaithe ar an taighde fairsing atá déanta acu.  

Luaigh Rachel Maria Edgeworth ina leabhar ‘What Regency Women Did For Us’, scéalta dháréag ban ó thréimhse na Leasríochta a d'fhág lorg ina ndiaidh atá fós le feiceáil sa 21 haois. 

Headshot of Andrew Knowles
Andrew Knowles
Writer and Researcher

Más féidir lenár bhfoireann cabhair ar bith thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie.