Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Taispeántas | Seamus Heaney: Éist Anois Arís

  • Ar an láthair
Dáta Ar siúl go dtí mí na Nollag 2025 | 10am–4pm Dé Luain - Aoine, cead isteach deiridh 3:30pm | Dúnta ar laethanta saoire phoiblí
Suíomh Seamus Heaney: Éist Anois Arís, Ionad Cultúrtha agus Oidhreachta Bhanc na hÉireann, Sráid Westmoreland, Baile Átha Cliath 2, D02 VR66
Catagóir Taispeántas
Praghas Saor in aisce
Dáta Ar siúl go dtí mí na Nollag 2025 | 10am–4pm Dé Luain - Aoine, cead isteach deiridh 3:30pm | Dúnta ar laethanta saoire phoiblí
Suíomh Seamus Heaney: Éist Anois Arís, Ionad Cultúrtha agus Oidhreachta Bhanc na hÉireann, Sráid Westmoreland, Baile Átha Cliath 2, D02 VR66
Catagóir Taispeántas
Praghas Saor in aisce
Féachann cuairteoirí ar chásanna taispeántais agus teilgin físe ag an taispeántas Éist Anois Arís

Bain sult as eispéireas tumtha a threoróidh thú trí shaol agus saothar an fhile agus a thabharfaidh tuiscint duit ar na fórsaí inmheánacha agus seachtracha a d’fhág a rian ar a chuid oibre.

Is é deasc scríbhneoireachta Heaney féin croílár an eispéiris seo, ina mbreathnaítear go mion ar phróiseas cruthaitheach Heaney trí lámhscríbhinní bunaidh, mar aon le litreacha, saothair neamhfhoilsithe, iontrálacha dialainne, grianghraif, déantáin phearsanta agus taifeadtaí ilmheán. 

Baintear leas sa taispeántas seo as an gcartlann fhairsing a bhronn Seamus Heaney agus a mhuintir ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann in 2011. 

Arna choimeád ag an Ollamh Geraldine Higgins, Stiúrthóir an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Emory, chruthaigh an Leabharlann an taispeántas seo i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Banc na hÉireann.

Cuairt Ghrúpa a Chur in Áirithe

Más mian leat cuairt threoraithe saor in aisce ar Seamus Heaney: Éist Anois Arís a chur in áirithe do ghrúpa, seol ríomhphost chuig heaneyexhibition@nli.ie nó cuir glao ar 01 670 6153 agus déanfaidh duine dár bhfoireann teagmháil leat leis na socruithe a dhéanamh. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoina gcuirimid ar fáil do ghrúpaí sa rannán Foghlaim. Táimid ag tnúth go mór le fáilte a chur romhaibh chuig an taispeántas.

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag heaneyexhibition@nli.ie