Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Acmhainn In‑íoslódáilte | Éin agus Luibheanna

Gníomhaíocht Treorach Réimsíní
Spriocphobal
Bunscoil
Cineál acmhainne
Acmhainn In-íoslódáilte
Praghas
Saor in aisce
Spriocphobal
Bunscoil
Cineál acmhainne
Acmhainn In-íoslódáilte
Praghas
Saor in aisce
Black and white image of the National Botanic Gardens in Dublin with a lawn and greenhouse in the background.

Botanic Gardens, Dublin  L_ROY_01781

Ar Líne
Introduction Text
Bí i do nádúraí agus féach ar do thimpeallacht nádúrtha!

Is í an bhreathnóireacht túschéim na heolaíochta. Feicimid rudaí éagsúla gach lá inár dtimpeallacht – ar ár siúlóid chun na scoile, nó ag an bpáirc, mar shampla. Nuair a smaoinímid ar an méid a fheicimid agus nuair a chuirimid ceisteanna faoi, tá an saol nádúrtha á bhreathnú againn.

Déanann mórán eolaithe agus daoine fiosracha nótaí dá gcuid breathnóireachta, nó déanann siad í a thaifeadadh ar chaoi éigin. Seans go gcoinneoidh siad dialann réimsíní, go nglacfaidh siad grianghraif nó go dtarraingeoidh siad na radharcanna a fheiceann siad.

Baineann na háiseanna seo leas as mórán míreanna i mbailiúchán an NLI, lena n‑áirítear dathanna uisce Miss Battersby a bhí i mbailiúchán Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath i dtús ama, chun leanaí a spreagadh le nótaí a thógáil dá dtimpeallacht agus fiosracht faoin saol nádúrtha a fhorbairt. 

Is féidir an acmhainn a íoslódáil anseo.

Íoslódáil an PDF

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie