Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Tionscadal 'AthAmharcArÉirinn' ar an nGearrliosta do Ghradam Gnó le hEalaíona

Dé Máirt, 22 Iúil 2025
esb-creative-sustainability-award_linkedin

Tionscadal grianghrafadóirí cónaithe 'AthAmharcArÉirinn' ar an ngearrliosta don chatagóir Ghradam Inbhuanaitheachta Cruthaitheach Gnó le hEalaíona BSL.

Ainmníodh an tionscadal tionscnaimh 2024/25 NLI-GCC don ghradam Gnó le hEalaíona 2025 i gcatagóir Ghradam Inbhuanaitheachta Cruthaitheach BSL. Tugann an dámhachtain nua seo aitheantas do chomhpháirtíochtaí cruthaitheacha a thugann aghaidh ar théamaí maidir leis an gcomhshaol, géarchéim aeráide, agus geilleagar ciorclach agus a spreagann athrú dearfach laistigh de na pobail a mbíonn baint acu leo. Tugann an gradam ómós do chumhacht na n-ealaíon agus an chultúir chun todhchaí níos glaise a mhúnlú.

Ba é an tionscadal an chéad chomhpháirtíocht oifigiúil idir an NLI agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Éire). Thaistil an t-ealaíontóir agus grianghrafadóir Paula T. Nolan timpeall na 26 contae, beagnach go heisiach ar iompar poiblí, agus trasna na gceithre shéasúr chun íomhánna den aeráid agus den chomhshaol atá ag athrú a ghabháil. Le cúnamh ó shaineolaithe an GCC, agus ó chartlanna saibhre an NLI, chuir Nolan agallamh ar phobail áitiúla agus ghlac sí grianghraif díobh chun a n-eispéiris saoil ar thírdhreach na hÉireann a thaifeadadh. 

Déanfar na céadta íomhá a tógadh le linn na cónaitheachta a chatalógú agus a chur leis an mBailiúchán Náisiúnta. Beidh siad ar fáil ar líne le haghaidh rochtain phoiblí ó thús 2026. Léigh tuilleadh faoin tionscadal anseo.

Fógrófar an buaiteoir ag searmanas bronnta an Cheoláras Náisiúnta ar an 8 Meán Fómhair. Léigh tuilleadh anseo: Gearrliosta na nGradam 2025 | Gnó le hEalaíona: Comhpháirtíochtaí Cultúrtha Corparáideacha a Fhorbairt