Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Taifid ón ngluaiseacht #WakingTheFeminists faighte ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann lena gcaomhnú go digiteach amach anseo

Léiriú atá sa bhronntanas ar dhúthracht na Leabharlainne i leith ábhar comhaimseartha ‘digitghinte’ a bhailiú.

Déardaoin, 21 Eanáir 2021
Roinnt ban ag coinneáil suas meirge mór

 

Tá sé fógartha inniu (21.01.21) ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann go bhfuil aircív na gluaiseachta #WakingTheFeminists á bronnadh ar an mbailiúchán náisiúnta. Bhí imeacht ar líne ann leis an mbronntanas a cheiliúradh agus ar fhreastail an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán air. Feachtas de chuid na cosmhuintire a bhí in #WakingTheFeminists a raibh an-rath air a throid ar son an chomhionannais do mhná in amharclannaíocht na Éireann, a mhair ó 2015 go 2016.

Tá aircív #WakingTheFeminists ar an tríú ceann de thrí aircív dhigitghinte a roghnaigh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann dá ‘treoirthionscadail dhigiteacha’. An dá bhronntanas eile atá deimhnithe againn ná taifid an scríbhneora Marian Keyes dá húrscéal The Mystery of Mercy Close agus aircív an fheachtais Yes Equality. Mar chuid den tionscadal seo, tá an Leabharlann ag fiosrú na slite ar féidir ábhar digiteach comhaimseartha a fháil, a chatalógú agus a chur ar fáil don phobal.

Agus í ag caint ar thábhacht an bhronntanais ó #WakingTheFeminists, dúirt Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann an Dr Sandra Collins an méid seo a leanas: “Taifead cuimsitheach atá san aircív seo d’fheachtas inar tugadh léargas ar an easpa ban a bhí ag obair i dtionscal na hamharclannaíochta, feachtas atá ag obair fós sa lá atá inniu ann leis an athrú a bhaint amach i bhfostaíocht na mban sa tionscal féin, ar an stáitse, in obair léirithe agus obair stiúrthóireachta.

“Tá aircív #WakingTheFeminists ar an aircív is deireanaí atá faighte ag NLI faoina treoirthionscadail dhigiteacha. Léiriú atá sna ‘treoirthionscadail dhigiteacha ar ról na Leabharlainne Náisiúnta mar choimeádaí cuimhní na hÉireann. Táthar ag cruthú cuid mhór dár scéal náisiúnta go digiteach sa lá atá inniu ann agus, dá bhrí sin, tá an Leabharlann ag baint triail as bealaí le bheith ag obair le taifid dhigiteacha agus iad a chur ar fáil do thaighdeoirí. Nuair a bheidh an obair sin déanta, beidh na haircíví ina foinsí tábhachtacha eolais maidir leis na heochairmhóimintí i saol na hÉireann.

“Tríd is tríd, roghnaigh foireann na Leabharlainne na trí threoirthionscadal chun cur lenár mbeartas i leith na hionchuimsitheachta: léiriú atá in aircív Marian Keyes ar an tábhacht a bhaineann le saothar cruthaitheach ban a bhailiú; sampla maith atá in aircív an phósta d’fheachtas a chuir i dtreo aitheantas na héagsúlachta; agus léiriú atá in aircív #WakingTheFeminists ar ghníomhaíochas na mban.

“Go dtí seo, tá na mná faoi ghannionadaíocht i mbailiúcháin náisiúnta. Sampla atá sna treoirthionscadail dhigiteacha seo d’aircíví a bhailiú go réamhghníomhach ó ghlórtha agus ó phobail atá faoi ghannionadaíocht,” a dúirt an Dr Collins.

Agus í ag labhairt mar chuid d’imeacht an bhronnta inniu, arsa an tAire Catherine Martin: “Tá ríméad orm ceiliúradh a dhéanamh inniu agus aircív dhigiteach #WakingTheFeminists á fáil ag an Leabharlann Náisiúnta. Cuireadh tús leis an ngluaiseacht seo in 2015 agus tháinig fás uirthi gur feachtas dírithe an-éifeachtach a bhí ann a d’imir tionchar ar fud an domhain chun dul i ngleic le tearcionadaíocht na mban i saol amharclannaíocht na hÉireann agus i gcultúr na hÉireann trí chéile.

“Déantar gaiscí gach lá ach, mar is eol dúinn, féadfar athrú teacht ar an taifead go han-sciobtha. Tá sé riachtanach go mbeidh ár bhForais Chultúrtha Náisiúnta ag gníomhú chun cuimhne Éire na linne a bhailiú agus na gaiscí sin á ndéanamh. Ós rud é go mbíonn an oiread sin den chuimhne náisiúnta á chruthú go digiteach, táim sona a fháil amach go bhfuil ár Leabharlann Náisiúnta ag fiosrú bealaí nuálacha leis an scéal sin a bhailiú agus a scaipeadh. Tá an Leabharlann ag obair i gcomhar le húdair agus le gluaiseachtaí ar nós #WakingTheFeminists chun tabhairt faoi obair le haircíví ón 21ú haois: taifid agus grianghraif dhigiteacha, postálacha ar na meáin shóisialta agus dréachtaí leictreonacha de shaothar liteartha.”

D’fhreastail cuid de na gníomhaithe ó #WakingTheFeminists ar imeacht an bhronnta.  Labhair stiúrthóir an fheachtais, Lian Bell, thar ceann na gluaiseachta, agus dúirt: “An bhunchloch a bhí faoi fheachtas #WakingTheFeminists ná go bhfuil tábhacht ag baint le scéalta. Agus muid ag lorg an chomhionannais do mhná in amharclannaíocht na hÉireann, d’fhiafraíomar orthu cé leis nó léi iad na scéalta a bhí á rá, cé a bhí á n-insint agus cad iad na nithe a bhí á rá acu fúinne. Tá scéalta na mban tábhachtach - agus tá bunú na haircíve mar chuid bheag den aitheantas náisiúnta air sin. Táimid millteanach bródúil ar fad.”

Beidh na taifid dhigiteacha ó #WakingTheFeminists ar fáil tríd an Leabharlann Náisiúnta nuair a bheidh an cartlannú déanta agus tá aircív fhisiciúil d’ábhar a bhaineann leis an bhfeachtas bronnta ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, an bhratach aitheanta a rinneadh d’imeachtaí poiblí #WakingTheFeminists san áireamh.  

Le tuilleadh eolais a fháil, féach www.nli.ie. 

CRÍOCH