Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Taispeántas grianghrafadóireachta nua seolta ag an gCartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Barra an Teampaill

Dé Céadaoin, 1 Feabhra 2023
Grafaic oráiste le téacs dubh ar a bhfuil People and Places<i> </i>scríofa

Inniu (31.01.23), sheol NLI taispeántas nua ‘Daoine agus Áiteanna’ ag an gCartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill.

Léirítear sa taispeántas na hathruithe sóisialta, cultúrtha agus teicneolaíochta a tharla ar fud na hÉireann idir lár an 19ú haois agus tús an chéid seo.

 

I measc na ngrianghraf ina dtugtar spléachadh dúinn ar stair na hÉireann agus ar theacht chun cinn na grianghrafadóireachta, tá pictiúir de mhná sna 1860idí ag díol sólaistí i gCill Airne; traein ghaile ag dul thar bráid i gCluain Eois, Co. Mhuineacháin in 1959; agus páistí lasmuigh d’árasáin Bhaile Munna i mBaile Átha Cliath in 1969. Caoga grianghraf a tógadh idir 1858-2001 atá sa taispeántas, agus clúdaíonn an tréimhse sin ré na grianghrafadóireachta analógaí in Éirinn. I measc na ngrianghraf atá ar taispeáint tá cineálacha pictiúr a tógadh nuair nach raibh an ré sin ach ina tús, ar nós péirí íomhánna steiréó agus priontaí a rinneadh trí phróiseas lenar cuireadh tuaslagán salainn ar pháipéar. Tá cineálacha grianghrafadóireachta ó thráth is gaire den lá inniu le feiceáil sa taispeántas freisin.

 

Ag labhairt di, dúirt Sara Smyth, Ceannasaí Gníomhach na dTaispeántas, na Foghlama agus na gClár ag NLI agus coimeádaí an taispeántais seo: “Na nithe a bhailítear inniu, is stair a bheidh iontu amárach. Sa ról atá aici i ndáil le cuimhne na hÉireann a choimeád, leanann NLI ar aghaidh ag bailiú agus ag roinnt cnuasach náisiúnta bríomhar ina ndéantar doiciméadú ar an saol stairiúil agus an saol comhaimseartha ar oileán na hÉireann. Tá os cionn cúig mhilliún grianghraf i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, agus is taifead fíorluachmhar iad ar stair agus cultúr na hÉireann.

 

“Beidh an taispeántas ar siúl go dtí 2025 agus beidh grianghraif i bhfrámaí ó 20 dár mbailiúcháin is mó ráchairt le feiceáil i gcéim a haon. Tugtar léargas sna híomhánna a roghnaíodh ar éagsúlacht na hÉireann agus tá grianghraif ann ó bheagnach gach contae, ó thuaidh agus ó dheas.

 

“Dírímid aird ar phobail den lucht oibre agus den mheánaicme; ar na mná, dream nach mbíonn le feiceáil chomh minic leis na fir in íomhánna ón am atá caite; agus léirímid pobail tuaithe agus pobail uirbeacha taobh le chéile. Tugtar aghaidh freisin ar théamaí, amhail an t-athrú aeráide agus cúrsaí iompar.”

 

Beidh clár imeachtaí ag gabháil leis an taispeántas saor in aisce seo agus beidh sé ar siúl ón 1 Feabhra go dtí 2025. Cuirfear le hábhar an taispeántais ar feadh na tréimhse sin. Ní gá duit áirithint a bheith agat.