Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Turas Tríú Leibhéal | Yeats: Saol agus Saothair WB Yeats

Suíomh
Ar Líne trí Zoom
Spriocphobal
Tríú Leibhéal
Fad ama
40 nóim
Cineál acmhainne
Turas Treoraithe ar an Taispeántas
Praghas
Saor in aisce, áirithint ag teastáil
Suíomh
Ar Líne trí Zoom
Spriocphobal
Tríú Leibhéal
Fad ama
40 nóim
Cineál acmhainne
Turas Treoraithe ar an Taispeántas
Praghas
Saor in aisce, áirithint ag teastáil
Líníocht phastail de theach le WB Yeats

Líníocht de Páirc na Cúile le William Butler Yeats (Bailiúchán Teaghlaigh Yeats)

Ar Líne
Introduction Text
Bí linn ar Zoom don turas tumthach seo ar Shaol agus Saothair William Butler Yeats, ag baint úsáide as taispeántas fíorúil radharc 360 céim.

Sa taispeántas seo ar WB Yeats, duine de mhórscríbhneoirí na fichiú haoise, tá buaicphointí ó bhailiúchán Yeats de chuid na Leabharlainne. Is é Bailiúchán Yeats an bailiúchán is mó de leabhair, lámhscríbhinní agus míreanna pearsanta a bhaineann leis an bhfile áit ar bith ar domhan, agus tá sé ar fáil a bhuíochas do fhlaithiúlacht mhuintir Yeats a bhronn na míreanna ar an Leabharlann.

Cuirfidh an turas scéal shaol agus saothar iontach Yeats i láthair do ghrúpa trí sheoda bhailiúchán Yeats atá ar taispeáint, lena n-áirítear cuid den fhilíocht is mó ráchairt ag WB Yeats, agus áirítear ann míreanna pearsanta, leabhair, agus lámhscríbhinní.

Pléitear i mbuaicphointí an taispeántais a áirítear sa turas go leor téamaí a bhí tábhachtach i saol Yeats, lena n-áirítear Éire, an litríocht, an béaloideas, an amharclannaíocht, an pholaitíocht, an misteachas, agus an asarlaíocht.

Taitneoidh an turas seo le grúpaí tríú leibhéal a bhfuil spéis acu i gcultúr, litríocht, agus i stair na hÉireann agus tá sé timpeall 30 go 45 nóiméad ar fad. Is féidir turais a choigeartú le freastal ar riachtanais do ghrúpa.

Fiosraigh Anois: Turas Tríú Leibhéal | Yeats: Saol agus Saothair WB Yeats

Go raibh maith agat as spéis a léiriú i seisiún a chur in áirithe lenár bhfoireann. Comhlánaigh an fhoirm thíos leis an oiread sonraí agus is féidir. Cé nach foirm áirithinte í seo agus nach bhfuil aon chinnteacht ann go mbeadh am seisiúin ar leith ar fáil, beidh ball den fhoireann i dteagmháil leat a luaithe is féidir maidir le do cheist. Táimid ar fáil freisin tríd an ríomhphost ag learning@nli.ie.
Turas Tríú Leibhéal | Yeats: Saol agus Saothair WB Yeats
Tabhair faoi deara go bhfuil níos mó ná am amháin ann.
Cabhraigh linn an t-eispéireas is fearr is féidir a sholáthar trí aon eolas ábhartha breise a lua i.e. sainspéiseanna, riachtanais bhreise, má tá súil agat cuairt a thabhairt ar roinnt láithreacha de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann srl.

Déanfaidh NLI na sonraí pearsanta a thabharfaidh tú dúinn a phróiseáil de réir ár Ráitis Príobháideachais Sonraí.

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie