Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Pádraig Mac Piarais, Uachtarán Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann.

Rugadh Patrick Henry Pearse (1879-1916) ag 27 Great Brunswick Street (Sráid an Phiarsaigh anois), Baile Átha Cliath, mac le James Pearse, fear Sasanach a raibh gnó snoíodóireacht chloiche aige, agus a bhean Margaret Brady. Tógadh mar Chaitliceach cráifeach é, is cosúil go raibh tionchar ag a aintín ar thaobh a mháthar air a d’inis scéalta dó faoi laochra miotaseolaíocha na hÉireann agus réabhlóidigh thírghrácha cosúil le Theobold Wolfe Tone agus Robert Emmet. I rith a bhlianta ag meánscoil na mBráithre Críostaí i Rae an Iarthair, d’fhorbair sé suim mhór sa Ghaeilge agus i litríocht na hÉireann, agus mar thoradh air sin ghlac sé ballraíocht i gConradh na Gaeilge in aois a sheacht mbliana déag. D’fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus bhain sé céim amach sa Bhéarla, sa Fhraincis agus sa Ghaeilge. Rinne sé staidéar ina dhiaidh sin i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus ag in Óstaí an Rí, agus glaodh chun an bharra é.

Is beag nach raibh Conradh na Gaeilge mar mhodh maireachtála don Phiarsach. Bhí sé gníomhach ar roinnt coistí agus scríobh sé go leor alt le haghaidh An Claidheamh Soluis ar réimse leathan ábhar – litríocht, stair, oideachas, imirce, polaitíocht, reiligiún. Tá a dhul chun cinn intleachtúil thar na mblianta le feiceáil ina ailt, agus tugadh le fios iontu go raibh sé liobrálach, forásach agus frithsheicteach. Ag an gcéim seo ina shaol, ba é an náisiúnachas cultúrtha seachas polaitiúil a bhí ina ábhair imní de. Ghlac sé le post mar eagarthóir ar An Claidheamh Soluis i gcomhair pá don tréimhse 1903-9, á stiúradh i dtreo ní ba liteartha, ach bhí sé páirteach i ní ba mhó conspóidí chomh maith, roinnt díobh le baill den chléir Chaitliceach agus bhí sé go maith in ann an fód a sheasamh. Le linn an ama seo, scríobh sé filíocht agus scéalta d’ardchaighdeán liteartha i nGaeilge agus i mBéarla. Go ginearálta, chaith sé saoire an tsamhraidh i Ros Muc, Co. na Gaillimhe, áit a bhfuair sé inspioráid ó na cainteoirí Gaeilge agus ó shlí mhaireachtála na tuaithe.

Mhúin an Piarsach go páirtaimseartha i scoileanna éagsúla agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. I 1908, bhunaigh sé scoil dhátheangach do bhuachaillí, Scoil Éanna, ag Teach Fhiodh Cuillinn i Raghnallach, agus d’aistrigh sé dhá bhliain ina dhiaidh sin í chuig teach mór lonnaithe ar chaoga acra de thalamh páirce i Ráth Fearnáin, áit a d’fheidhmigh sé mar scoil chónaithe. Bhí éiteas na scoile an-Ghaelach agus bhí beocht inti nuair a cuireadh drámaí agus tóstal ar siúl ó am go chéile. Áiríodh ar na múinteoirí a bhí sa scoil Thomas Mac Donnchadha, (Fraincis agus Béarla), deartháir an Phiarsaigh (ealaín agus Béarla), agus Con Colbert (druil), ghlac an triúr acu páirt in Éirí Amach 1916 agus cuireadh chun báis iad ina dhiaidh. Bhunaigh sé scoil Naomh Íde chomh maith, scoil shinsearach do chailíní agus scoil ullmhúcháin ag Teach Fhiodh Cuillinn.

Go polaitiúil, ba náisiúnach measartha a bhí sa Phiarsach, thacaigh sé le bille an Rialtais Dhúchais chomh deireanach le 1912, ach bhagair sé réabhlóid mura n-achtófaí é. I Samhain 1913, bhí sé ar dhuine den dáréag a bhí ar an gcoiste stiúrtha a bhunaigh Óglaigh na hÉireann; bhí an post tábhachtach mar stiúrthóir oibríochtaí míleata aige ina dhiaidh sin. I Nollaig 1914, chuir Bulmer Hobson faoi mhóid é i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann. Fad is a bhí sé ar chamchuairt léachta do Scoil Éanna sna Stáit Aontaithe, bhí tionchar ag John Devoy agus Joseph McGarrity air a thiontaigh i dtreo an phoblachtachais é. I Meán Fómhair 1915, toghadh chuig Ard-Chomhairle an IRB é agus comhthoghadh ar an gComhairle Mhíleata é áit a raibh mór-ról aige i bpleanáil an Éirí Amach.

Dhréachtaigh an Piarsach Forógra na Poblachta, le moltaí ó dhaoine eile, Séamas Ó Conghaile agus Tomás Mac Donnchadha go háirithe. Mar gheall ar a chéim sna hÓglaigh agus mar gheall go raibh an-mheas air, d’ainmnigh na sínitheoirí leis an bhForógra é ina uachtarán ar an Rialtas Sealadach. Ní raibh ina theideal mar Cheannfort-Ghinearál ach ainm mar go raibh Séamas Ó Conghaile i gceannas ar oibríochtaí míleata. Mar uachtarán, léigh mac Piarais an Forógra taobh amuigh de Phríomh-Oifig an Phoist ar Luan Cásca.

Ag an gcruinniú leis na cúig bhall den Rialtas Sealadach a bhí ar fáil in 16 Sráid an Mhúraigh maidin Dé Sathairn, theastaigh ó Mhac Piarais go ngéillfidís ionas nach gcaillfí aon duine eile. Cuireadh ar thriail é agus cuireadh chun báis é trí scuad lámhaigh i bPríosún Chill Mhaighneann ar an 3 Bealtaine. Ní raibh sé pósta.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt