Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Bhain na cinn seo go príomha leis an gcultúr Gaelach: Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus Conradh na Gaeilge

Rugadh Dubhghlas de hÍde (1860-1949) sa Chaisleán Riabhach, Co. Ros Comáin, mac le ministir de chuid Eaglais na hÉireann ab ea é. Fuair sé a chuid oideachais óna athair agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit a ndearna sé staidéar ar an dlí. Ina dhiaidh sin, d’fhoghlaim sé Gaeilge i Ráth an tSratha, Co. Ros Comáin, áit a raibh an teanga fós á labhairt ach í á tréigean ag na daoine. Thug sé a shaol do staidéar agus d’fhoilsiú litríocht agus béaloideas traidisiúnta na Gaeilge, ar na leabhair a d’fhoilsigh sé bhí Amhráin Grádh Chúige Connacht (1893) A Literary History of Ireland (1899), agus a dhírbheathaisnéis Mise agus an Conradh (1931). Scríobh sé roinnt drámaí freisin, arbh é an ceann ba iomráití Casadh an tSúgáin, an chéad dráma Gaeilge a léiríodh go proifisiúnta don stáitse (1901). Ghlac sé an ainm chleite An Craoibhín Aoibhinn. I 1909 ba é an chéad ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Cé go raibh tionchar an-mhór aige ar litríocht na Gaeilge, ba mar ghníomhach cultúir a rinne sé an gaisce ba mhó. I 1893 bhí sé ina chathaoirleach ag cruinniú bunaithe Chonradh na Gaeilge, cruinniú a rinne Eoin Mac Néill a thionól: ba é de hÍde an chéad Uachtarán, agus d’fhan sa phost go dtí 1915. Eagraíocht neamhpholaitiúil agus neamhsheicteach ab ea é, a raibh sé mar aidhm aige daoine a raibh dílseachtaí éagsúla creidimh agus polaitíochta acu a mhealladh isteach i dtionscnamh coitinn cultúir. Ba é an aidhm a bhí leis ná an Ghaeilge a athbheochan agus litríocht, ceol agus cultúr traidisiúnta na nGael a chaomhnú.

Faoi stiúir de hÍde mar uachtarán agus Eoin Mhic Néill mar rúnaí, chuir Conradh na Gaeilge clár uaillmhianach le chéile agus i bhfeidhm; faoin mbliain 1905 bhí 550 craobh den Chonradh ar fud na tíre. D’eagraigh na craobhacha ranganna Gaeilge le timirí (múinteoirí taistil) mar theagascóirí agus d’eagraigh léachtaí, ceolchoirmeacha agus céilithe freisin. Ón mbliain 1899 ar aghaidh d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge An Claidheamh Soluis, nuachtán seachtainiúil Gaeilge. Thionóil sé féile bhliantúil chultúir, an tOireachtas, agus tar eis don Chonradh brú a chur ar na húdaráis ainmníodh Lá Fhéile Pádraig mar shaoire náisiúnta. D’éirigh leis freisin an Ghaeilge a chur ar churaclam na mbunsoileanna agus na meánscoileanna agus rinneadh ábhar éigeantach i scrúdú máithréanach Ollscoil Náisiúnta na hÉireann di.

Cé gur eagraíocht iomlán neamhpholaitiúil a bhí sa Chonradh, a raibh roinnt Aontachtaithe ina mbaill de, ba náisiúnaithe iad formhór na mball – sna blianta roimh 1916 bhí an chuid ba mhó díobhsan measartha go leor ina dtuairimí polaitíochta agus d’fhéach siad ar Rialtas Dúchais mar an t-aon chuspóir inmharthana a d’fhéadfaí a bhaint amach. I measc na mball freisin bhí náisiúnaithe radacacha, lena n-áirítear cuid acusan a shínigh Forógra na Poblachta i 1916 agus a raibh tionchar an-mhór acu taobh istigh den eagraíocht. Cé gur éirigh leo smacht a fháil ar an gConradh i 1915, bhí a chion déanta cheana féin ag an gConradh ó thaobh Éirí Amach 1916 de: laistigh de ghlúin amháin d’éirigh le Conradh na Gaeilge athruithe móra cultúir a chur i gcrích i measc an phoabail náisiúnaigh. Bhí fir óga ghlúin 1916 mórtasach as a bheith ina nÉireannaigh agus iad ina n-oidhrí ar cheann de na sibhialtachtaí ab ársa san Eoraip; labhair a lán díobh an Ghaeilge; ba mhór acu a dtraidisiúin chultúrtha; agus thar aon ní eile bhíodar eolach ar a stair náisiúnta – stair ina raibh Éire faoi fhorlámhas éagórach leis na céadta bliain. Cé go mbeadh tromlach díobh sásta le Rialtas Dúchais, chreid cuid acu go raibh Éire i dteideal neamhspleáchas iomlán, cuspóir a raibh siad toilteanach troid ar a shon.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt