Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Teach Chlann Liam agus Droichead Shráid an Mhóta

Ar mhaithe le cosc a chur ar fhórsaí athneartaithe na Breataine agus iad ar a mbealach ó Bhaile an Rí (Dún Laoghaire) go lár na cathrach, chuir an Ceannfort de Valera grúpaí beaga fear i bhfoirgnimh a raibh radharc ar Bhóthar Northumberland uathu, mar gheall gur dhócha go mbeadh siad ag taistil ar an mbóthar sin. Ba iad na foirgnimh a d'ainmnigh sé Scoil Stiofán, halla an pharóiste agus Uimh. 25 Bóthar Northumberland. Is ar thaobh Bhaile an Rí de Dhroichead Shráid an Mhóta (Droichead McKenny ar an léarscáil) a bhí na foirgnimh ar fad. Ba é an t-urphost ba thábhachtaí ná Teach Chlann Liam ar thaobh na cathrach den droichead, urphost a raibh an-radharc ar Bhóthar Northumberland uaithi. Bhí seachtar fear ar garastún ann, agus iad faoi cheannas an cheannfoirt ghasra, George Reynolds.

Tráthnóna Dé Luain, scaoil na hÓglaigh urchair le Fórsa Cosanta Baile. Fórsa aosta a bhí iontu a raibh Georgius Rex (Rí Seoirse) scríofa ar a gcuid éadaí acu. Bhaist muintir Bhaile Átha Cliath na ‘Gorgeous Wrecks’ mar leasainm orthu. Maraíodh nó gortaíodh roinnt acu. Bhí baill an Fhórsa Cosanta Baile ar a mbealach abhaile i ndiaidh gníomhaíochtaí inlíochta a chur i gcrích; bhí éide á caitheamh acu ach ní raibh armlón acu, mar sin, bhí siad gan airm i ndáiríre. Rinne an pobal ionsaí fíochmhar nuair a scaip an scéala gur chaith na hÓglaigh urchair leis na fir scothaosta seo a bhí gan airm; d'eisigh an Piarsach ordú chun cosc a chur ar na fórsaí urchair a chaitheamh le haon duine a bhí gan airm, bíodh éide á caitheamh acu nó ná bíodh.

Bhí sé ciúin mórthimpeall an cheantair go dtí meán lae ar an gCéadaoin tráth a ndearna fórsa mór de chuid an airm iarracht a bhealach a dhéanamh síos Bóthar Northumberland i dtreo lár na cathrach. Chuir an Leifteanant Michael Malone, an tÓglach James Grace agus beirt eile in Uimh. 25 moill shealadach orthu ach chloígh fórsa bhfad níos mó iad de réir a chéile. Maraíodh Malone i rith na heachtra. Chomh maith leis sin, chuir fórsaí de chuid an airm an ruaig ar gach duine ón scoil agus ó halla an pharóiste, ach chuir scaoileadh ó Theach Chlann Liam ar an taobh eile de Dhroichead Shráid an Mhóta moill orthu. Ó tharla nach raibh foscadh ar bith ar fáil, theip ar ghrúpaí saighdiúirí i ndiaidh a chéile dul trasna an droichid go dtí gur cuireadh Teach Chlann Liam trí thine. Níor ghá dóibh dul thar an suíomh seo agus d'fhéadfaí é a choinneáil faoi shrian, ach d'ordaigh an Ginearál Lowe go leanfaí leis an iollionsaí beag beann ar bheathaí a shaighdiúirí. Is dóigh go raibh a dhearcadh ag teacht leis na teaicticí comhaimseartha a bhí á gcleachtadh ar an bhFronta Thiar. Bhí sé mar gnáthnós ann go n-ordófaí do shaighdiúirí—ar an dá thaobh—ruathar a thabhairt faoi shuímh a raibh sé beagnach dodhéanta iad a ghabháil.

Maraíodh triúr de na hÓglaigh, George Reynolds ina measc, ach d'éirigh le ceathrar na cosa a thabhairt leo. Maraíodh nó gortaíodh breis is 200 saighdiúir agus oifigeach de chuid arm na Breataine. Ba ag Droichead Shráid an Mhóta a tharla ceann de phríomheachtraí an Éirí Amach, fianaise ar chrógacht na bhfear ón dá thaobh a bhí páirteach. Fir an-óg a bhí iontu den chuid is mó. Fianaise a bhí ann freisin ar bharbarthacht na cogaíochta, ar scála réasúnta beag i gcomparáid leis an gcogadh a bhí ar siúl san Eoraip ag an am. Cogadh ar scriosadh na mílte fear go rialta lena linn.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt