Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Déardaoin, an 27 Aibreán

Tháinig an Príomhrúnai Birrell go Baile Átha Cliath ach ní raibh mórán d’fheidhm aige toisc go raibh an lámh in uachtar faighte ag an arm faoin am sin. Rinne na gunnaí móra an taobh thoir de Shráid Sackville a thuargaint, rud a d'fhág foirgneamh Clery's agus foirgneamh eile trí thine. Rinneadh ionsaí sliogán ón Helga ar shuíomh an Cheannfoirt de Valera i mbácús Boland ach bhí a lámhach dírithe go príomhá ar dhrioglann a bhí folamh. Lainseáil arm na Breataine mór-ionsaí ar shuíomh an Cheannfoirt Ceannt in Aontas Bhaile Átha Cliath Theas; fiú gur éirigh leo seilbh a ghabháil agus a choinneáil ar roinnt foirgneamh laistigh d’ionad an Aontais, bhí sáinn gan réiteach mar thoradh ar an gcomhrac. Agus é i mbun oibríochtaí a stiúradh i Sráid na Mainistreach Láir, gortaíodh rúitín Shéamais Uí Chonghaile go holc, ach lean sé air leis na hoibríochtaí míleata a stiúradh. Toisc go raibh na ceannaircigh ó dheas agus ó thuaidh scoilte ó chéile ag an bpointe sin de bharr an líne chosanta, bhí línte cumarsáide Uí Chonghaile leis an gcuid ba mhó de na suímh eile gearrtha agus ní raibh cineál ar bith de struchtúr ordaithe ann ní ba mhó.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt