Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt

Ullmhúcháin don Éirí amach

Nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach i Lúnasa 1914, chinn Bráithreachas Phoblacht na hÉireann éirí amach a phleanáil an chéad uair a mbeadh an deis acu, de bharr gur mheas siad go mbeadh deacrachtaí Shasana chun leas na hÉireann. I mí na Bealtaine 1915 bunaíodh coiste míleata (an Chomhairle Mhíleata a bheadh air ní ba dhéanaí) ina raibh Pádraig Mac Piarais, Ióseph Ó Pluingcéad agus Éamonn Ceannt, iad ar fad ina mbaill den IRB ach ceapadh iad go príomha toisc go raibh poist shinsearacha acu in Óglaigh na hÉireann. Ní ba dhéanaí an bhliain sin, leathnaíodh an Chomhairle Mhíleata nuair a chuaigh Seán Mac Diarmada agus Tomás ó Cléirigh isteach inti. Bhí baint ag an gComhairle Mhíleata le hairm a fháil ach go háirithe. Maidir leis sin, tá an chuma ar an scéal gur bhraith sí barraíocht ar an lasta a bhí beartaithe ag Sir Roger Casement ón nGearmáin.

In Eanáir 1916 chomhaontaigh an Chomhairle Mhíleata le Séamas Ó Conghaile, nach raibh ina bhall den IRB, comh-éirí amach le baill Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann a eagrú. Glacadh le Ó Chonghaile ar an gComhairle Míleata ansin. Glacadh leis an seachtú ball i dtús Aibreáin: Tomás Mac Donnchadha, ball den IRB agus ceannfort ar 2ú Cathlán Bhriogáid Bhaile Átha Cliath de chuid Óglaigh na hÉireann. Nuair a roghnaíodh Domhnach na Cásca don éirí amach, d’ordaigh an Piarsach mar stiúrthóir ar na hoibríochtaí míleata go dtagadh na hÓglaigh ar fad le chéile ag a bpointí cruinnithe ar fud na tíre Domhnach na Cásca ar feadh trí lá le haghaidh inlíochtaí machaire.

Cinneadh go mbeadh seacht mball na Comhairle Míleata mar bhunús Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann. D’aontaigh siad ábhar an Fhorógra agus ba iad an Piarsach, Ó Conghaile agus Mac Donnchadha na príomhscríbhneoirí, agus ba é an Piarsach a raibh an dréachtú faoina chúram aige. Gan Plunkett san áireamh mar go raibh sé san ospidéal, bhuail siad le chéile roimh an gCáisc i dteach an Uasail Jennie Wyse-Power i Sráid Anraí áit ar thug siad chun críche agus ar shínigh siad an Forógra.

Agus fios go maith acu gur cuireadh bac ar iarrachtaí roimhe seo ar réabhlóid trí sceitheadh, spiairí agus brathadóirí, d’éirigh leis an gComhairle Mhíleata a pleananna a choinneáil faoi rún go dtí an méid nach raibh a fhios ag ceann an IRB, Denis McCullough, nó ceann Óglaigh na hÉireann, Eoin Mac Néill, go raibh na hinlíochtaí beartaithe chun an t-éirí amach a choinneáil faoi cheilt. Fuair Mac Néill amach faoi, áfach, Déardaoin na Cásca agus thug sé freasordú maidir le hordú an Phiarsaigh ar inlíochtaí toisc gur mhothaigh sé nach raibh na hÓglaigh réidh go fóill do thasc a bhí chomh mór sin. Nuair a insíodh dó, áfach, go raibh long Ghearmánach ar tí lasta arm a thabhairt i dtír i gContae Chiarraí agus go raibh an Bhreatain ag ullmhú leis na hÓglaigh a chur faoi chois, d’aistarraing sé an freasordú.

Tháinig an long Ghearmánach, Aud, ar a raibh na hairm á n-iompar chomh fada le cósta Chiarraí Déardaoin Mandála, ach i ngeall ar cliseadh cumarsáide, theip uirthi teagmháil a dhéanamh leis na hÓglaigh áitiúla agus chuir an captaen go tóin poill í ar deireadh. Nuair a fuarthas amach Dé Sathairn Naofa gur gabhadh Casement agus gur cailleadh na hairm, rinne Mac Néill ordú an Phiarsaigh maidir le hinlíochtaí na Cásca a fhreasordú go cinntitheach. Go luath ar an Domhnach, bhuail an Chomhairle Mhíleata le chéile i Halla na Saoirse chun na himpleachtaí maidir le freasordú Mhic Néill, a bhí sa Sunday Independent an maidin sin, a phlé. Chinn siad an tÉirí Amach a chur siar go dtí tráthnóna an lá dár gcionn, Luan na Cásca, ionas go mbeadh siad ábalta fógra a thabhairt do na hÓglaigh ar fud na tíre go mbeadh an tÉirí Amach ag tarlú go deimhin. Cuireadh an Forógra i gcló an lá sin ar an gclóphreas i Halla na Saoirse.

Ar Luan na Cásca, thug an Piarsach, Ó Conghaile agus Ó Pluingcéad buíon de chuid Óglaigh na hÉireann ó Halla na Saoirse go dtí Ard-Oifig an Phoist i Sráid Sackville (Sráid Uí Chonaill), áit a raibh Ó Cléirigh agus Mac Diarmada ann rompu. In áiteanna eile, thug an Ceannfort Ceannt an 4ú Cathlán go dtí Aontas Bhaile Átha Cliath Theas, agus thug Mac Donnchadha an 2ú Cathlán go dtí monarcha brioscaí Jacob. Taobh amuigh d’Ard-Oifig an Phoist, d’fhógair an Piarsach bunú phoblacht na hÉireann do shlua fiosrach a bhí ag dul thar bráid. Bhí Éirí Amach 1916 ar siúl.

An tÉirí Amach ó lá go lá
Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt