Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Luan na Cásca, an 24 Aibreán

Chruinnigh formhór na ndaoine a ghlac páirt san Éirí Amach ag Halla na Saoirse agus chuaigh siad ar aghaidh ó sin go dtí na suímh a sainíodh dóibh. Gabhadh seilbh ar an gcuid is mó de na suímh sin faoi mheán lae. I ndiaidh dóibh seilbh a ghabháil ar Ard-Oifig an Phoist, d’fhógair An Piarsach bunú phoblacht na hÉireann. Mar gheall gurb eisean a bhí ina Ard-Cheannfort ar Bhriogáid Bhaile Átha Cliath de chuid Arm Cathartha na hÉireann, go teoiriciúil, ba é Séamas Ó Conghaile a stiúir oibríochtaí míleata sna suímh ar fad a bhí á sealbhú ar son Phoblacht na hÉireann; go praiticiúil, áfach, bhí na ceannfoirt sna suímh eile fágtha ar a gconlán féin de bharr nach raibh sé in ann athneartú a dhéanamh nó airm bhreise a chur ar fáil ar bhonn fiúntach. I rith iarnóin agus thráthnóna Dé Luain, d’eagraigh arm na Breataine freagairt bhrostaithe agus throid siad i gcoinne an chuid ba mhó de na suímh a bhí i seilbh na gceannairceach. Tháinig Halla na Cathrach faoi ghéar-ionsaí agus scaoileadh marbh an t-oifigeach a bhí i gceannas, an Captaen Seán Uí Chonghaile. Ghéill an líon beag ball den gharastún a bhí fágtha ní ba dhéanaí an oíche sin. Cuireadh dianbhrú ar shuíomh an Cheannfoirt Ceannt in Aontas Bhaile Átha Cliath Theas chomh maith ach ruaig an garastún na hionsaithe. B’éigean urphost a bhunaigh an Ceannfort Maillin i dTeach tábhairne J. & T. Davy ag acomhal Shráid Richmond Thuaidh agus Mheal Charlemont a thréigeadh laistigh de chúpla uair de bharr go raibh sé faoi dhianlámhach.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt