Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Iad siúd arbh é an cultúr Gaelach a bpríomhchúram: W.B. Yeats agus Athbheochan Litríocht na hÉireann

Gluaiseacht ab ea í a chuir go mór leis an bhféiniúlacht náisiúnta, leis an mbród as a bheith Éireannach, agus le hathmheas a dheanamh ar an status quo polaitíochta.

Rugadh William Butler Yeats (1865-1939) in Ascaill Dhumhach Thrá i mBaile Átha Cliath, mac le John Butler Yeats, a thuill cáil ina dhiaidh sin mar phéintéir clúiteach. Chaith sé mórchuid dá óige i gCo. Shligigh le muintir a mháthar, áit ar chuir sé spéis a mhairfeadh a shaol ar fad i muintir na tuaithe agus sa saol mar a mhaireadar é amuigh faoin tuath. Cuireadh oideachas air i Londain agus ina dhiaidh sin san Ardcsoil i mBaile Átha Cliath, rinne sé staidéar in dhiaidh sin ar an ealaín sa Metropolitan School of Art agus san Royal Hibernian Academy School.

Dhírigh sé ansin ar an litríocht agus ar an scríbhneoireacht, bhí sé faoi anáil ag an bhFinín John O’Leary agus Standish James O’Grady: ba iad a threoraigh é i dtreo litríocht agus thraidisiún dúchais na nGael mar fhoinse inspioráide litríochta, ba dá bharr sin a bheartaigh sé ‘gur thábhachtaí an cine ná an duine aonair’. I 1882 bhunaigh sé féin, in éineacht le O’Leary agus Dubhghlas de hÍde, an National Literary Society a raibh sé mar aidhm aige litríocht, finscéalta agus seanchas na hÉireann a fhoilsiú. File agus údar drámaí ba mhó a bhí ann, ba é an luathshaothar dá chuid ba mhó a tharraing aird air ná an cnuasach filíochta The Wanderings of Oisin (1889).

Faoi anáil O’Leary agus Maud Gonne (a raibh sé i ngrá léi cheana), bhí baint ag Yeats leis an bpoblachtachas le linn na 1890í. Bhí sé rannpháirteach i roinnt d’fheachtais phoblachtacha na linne; mar shampla, chuir sé i gcoinne cheiliúradh Iubhaile na Banríona Victoria in Éirinn sa bhliain 1897, agus an bhliain dár gcionn chabhraigh sé le comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach 1798. I gcaitheamh na 1890í freisin, bhíodh sé ag obair leis an mBantiarna Gregory agus le Edward Martyn chun amharclann, a bheadh iomlán Éireannach agus dúchasach, a bhunú agus ba as sin a d’eascair an Irish Literary Theatre (1898). Scríobh sé roinnt drámaí don amharclann nua, ina measc dar ndóigh, Cathleen ni Houlihan (1902) agus On Baile’s Strand, ar cuireadh ar stáitse iad ar oíche oscailte Amharclann na Mainistreach ar 27 mí na Nollag 1904.

D’fhéadfaí mórán de shaothar Yeats a thuiscint mar shaothar ina raibh idéal na poblachta neamhspleáiche saor ó smál an Ghalldachais, ba é Cathleen ni Houlihan an saothar ba mhó dá chuid inar léir dúinn an phoblachtachas a bheith chun cinn ann. Tar éis Éirí Amach 1916, bhí buaireamh coinsiasa air, agus imní air gur spreag a dráma roinnt de rannpháirtithe an Éirí Amach: ‘Did that play of mine send out/ Certain men the English shot?’ Seans go raibh Yeats, áfach, róscrupallach, bhí an ceangal sách fánach. Go deimhin, chuir Yeats agus an Athbheochan Liteartha le forbairt aitheantais náisiúnta nua a bhí á chur chun cinn chomh maith céanna ag gníomhaireachtaí cosúil leis an gCumann Lúthchleas Gael agus Conradh na Gaeilge. Ní raibh i Yeats ach duine de na fórsaí a chur leis an tuiscint nua aitheantais, agus le muinín nua a ghríosódh daoine chun a ndícheall a dhéanamh chun Éirinn nua a bhaint amach.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt