Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Iad Siúd a Bhain leis an Rialtas Dúchais (ar a shon agus ina choinne): Carson agus na hAontachtaithe Uladh

Bhí baint ag Carson agus na haontachtóirí leis an Éirí Amach trí bhaol foréigin a chothú i saol poiblí na hÉireann agus léirigh siad go raibh a leithéid de mhodhanna táirgiúil.

Murach na forbairtí in Ulaidh, seans nach mbunófaí Óglaigh na hÉireann an chéad lá: ní bheadh a leithéid d'fhórsa paraimíleatach a bhí chomh éifeachtach ag na scarúnaithe poblachtacha chun borradh a chur faoi Éirí Amach 1916. Ba Bhaile Átha Cliathach é Edward Henry Carson (1854-1935), rugadh é i dteaghlach gairmiúil ag 4 Sráid Fhearchair. Fuair sé a chuid oideachais i Scoil Chúil an tSúdaire, Coláiste na Tríonóide agus Óstaí an Rí, chleachtaigh sé ag Barra na hÉireann. Ag tús a ghairm bheatha, bhí sé ag déanamh ionadaíochta d'fheirmeoirí tionóntachta a bhí ag déanamh éilimh ar laghduithe faoi Acht na Talún, 1881 de chuid Gladstone; bhain na tiarnaí talún tairbhe as a chuid seirbhísí nuair a thug sé cásanna os comhair na cúirte a d'eascair as an bPlean Beartaíochta agus é mar abhcóide na Corónach. Ceapadh é ina Ard-Aighne ar Éirinn in 1892. Chleachtaigh sé ag an mbarra i Sasana áit ar éirigh leis in go leor cásanna iomráiteacha, amhail an cosaint a rinne sé ar Mharcas Queensbury san agra leabhail a thug Oscar Wilde, a chomhaoiseach ag Coláiste na Tríonóide. Rinneadh Ard-Aighne Shasana de sa bhliain 1900, oifig aireachta lenar bhain ridireacht.

Idir an dá linn, ghlac Carson páirt sa pholaitíocht, d'éirigh sé ina Theachta Parlaiminte do Choláiste na Tríonóide in 1892. Bhí sé tiomanta do leasa na hÉireann a chur chun cinn, ag tabhairt rabhadh d'Airí na Breataine i gcoinne 'a n-iarracht síoraí síocháin a dhéanamh in Éirinn trí rud a thabhairt do pháirtí amháin, agus an páirtí eile thíos leis. I mí na Feabhra 1910, d'éirigh sé ina cheannaire ar na Teachtaí Parlaiminte Aontachtacha Éireannacha in Westminster, bhí fiche acu ann ag an am. Seachas cúpla áit sa Deisceart amhail Coláiste na Tríonóide agus Deisceart Bhaile Átha Cliath, bhí formhór na dtoghcheantar Aontachtach in Ulaidh.

Bhí gné láidir aontachtach in Ulaidh, daoine de bhunadh coilíneach Sasanach agus Albanach, a tháinig chun na hÉireann sa seachtú haois déag. Chuir a ndlús (thart ar 900,000 in 1911 - an cúigiú cuid de dhaonra na hÉireann) ar a gcumas a bhféiniúlacht eitneach, a reiligiún (Preispitéirigh agus Anglacánaigh don chuid is mó), a gcuid traidisiún cultúrtha agus a ndlíseacht le Córóin na Breataine a choimeád - dílseacht nach raibh neamhchoinníollach áfach: ag deireadh an ochtú haois déag, ghlac líon mór acu san Éirí Amach de chuid na nÉireannach Aontaithe sa tsúil go mbeadh poblacht Éireann mar thoradh air. Ba lucht meánaicmeach nó lucht oibre iad den chuid is mó agus bhí eacnamaíocht tionsclaíoch acu a bhí faoi bhláth; ba iad na tionscail línéadacha agus longthógála a bhí láidir ach go háirithe. Seachas go raibh bá ag Aontachtaithe Ulaidh leis an aontachas, níor theastaigh ó Phrotastúnaigh Uladh go rialódh parlaimint Rialtas Dúchais ina mbeadh an ceannas ag Caitlicigh iad, léirigh an mana ‘Home Rule is Rome Rule’ go maith an eagla a bhí orthu. Ba é an straitéis a bhí ag Carson leas a bhaint as cur i gcoinne Aontachtaithe Uladh chun críocha stop a chur leis an Rialtas Dúchais agus Éire uile a choimeád laistigh den Aontas. Chreid sé mura bhéadfaí iallach a chur ar Ulaidh glacadh leis an Rialtas Dúchais, chaithfí an beartas i dtraipisí. Bhain sé úsáid as cur i gcoinne na nAontachtaithe lena leas féin dá réir, a d'eagraigh James Craig go stuama: thacaigh sé leis an gConradh agus Cúnant Sollúnta, cheadaigh sé bunú Óglaigh Uladh in 1912 agus a n-armáil in 1914 agus bhí sé ullmhaithe le bheith ina cheannaire ar rialtas sealadach Uladh a mbeadh mar aidhm aige smacht a ghlacadh ar achtú an Rialtais Dúchais. Bhain sé leas as an mbunbhagairt foréigin agus cogaidh chathartha chun iallach a chur ar rialtas na Breataine teacht aníos le comhaontú a mbeadh glacadh ag Ulaidh leis; níor sheas rialtas Asquith ina choinne.

Nuair a bhí sé soiléir go raibh Rialtas Dúchais dosheachanta, dhírigh sé ar na contaetha sin ina raibh daonra suntasach Aontachtaithe a chur as a dhlínse, rud a d'fhágfadh líon suntasach Aontachtaithe a bhí sna contaetha a bhí le cur san áireamh ar lár. Ar bhriseadh amach an chogaidh, cuireadh achtú an Rialtais Dúchais ar leataobh, thacaigh Carson go fonnmhar leis an iarracht cogaidh, gheall sé tacaíocht Óglaigh Uladh i gcomhair seirbíse thar lear. I ndiaidh Éirí Amach 1916, thairg sé seirbhísí Óglaigh Uladh 'd'fhonn údarás an Rí a chothábháil.' I dTeach na dTeachtaí, phléadáil sé thar ceann na gceanairí; is mar seo a leanas a chuir sé deireadh le ceann dá ráiteas: ‘Whatever is done, let it be done not in a moment of temporary excitement, but with due deliberation in regard both to the past and to the future.’

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt