Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Iadsan a raibh baint acu le Rialtas Dúchais (ina fhabhar agus ina choinne): John Redmond agus Páirtí Parlaiminteach na hÉireann

Bhí páirt indíreach ag Redmond san Éirí amach ó theip air leibhéal féinrialach a ghnóthú a ghlacfadh an pobal leis; ba é an pháirt ba mhó bhí aige áfach ná gur áitigh sé ar Birrell agus ar Nathan gan gníomhú i gcoinne an dreama a raibh an tÉirí Amach á phleanáil acu.

Fuair John E. Redmond (1856-1918), mac le William Redmond, Feisire náisiúnach do Loch Garman, a chuid oideachais ó na hÍosánaigh i gCoill Chluana Gabhann, Co. Chill Dara agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Toghadh mar Fheisire don chéaduair é sa bhliain 1881, bhí sé ina ionadaí do Phort Láirge ón mbliain 1891 go dtí a bhás. Tar éis don scoilt i bPáirtí Parlaiminteach na hÉireann a d’eascair as páirt Parnell i gcás colscartha, ba é ceannaire eite Pharnellíteach an Pháirtí é ó 1891, agus rinneadh ceannaire den Pháirtí athaontaithe de sa bhliain 1900. Agus tacaíocht láidir tugtha aige do bhillí Rialtas Dúchais Gladstone 1886 agus 1893, ba é mian a shaoil é an Rialtas Dúchais a bhaint amach dá thír, agus ní bheadh seans ní b’fhearr aige lena bhaint amach ná nuair a bhí cothromaíocht na cumhachta faoi Asquith i seilbh an Pháirtí Pharlaimintigh sa tréimhse ó 1910 ar aghaidh.

Chuir Aontachtaithe Uladh bac ar a phleananna ámh, agus ba é an t-ábhar buartha ba mhó a bhí aige go bhfágfaí ar a laghad cuid de chontaetha Uladh amach as an Rialtas Dúchais, is é sin le rá go ndéanfaí an tír a chríochdheighilt. Bhí sé buartha freisin go bhféadfadh gníomhaíochtaí Óglaigh na hÉireann cur isteach ar rith an Rialtais Dúchais; chun nach dtarlódh sé sin d’éirigh leis smacht a fháil ar an eagraíocht i mí an Mheithimh 1914. Chuir sé fáilte roimh Acht Rialtas na hÉireann, 1914; ba é an t-aon bheart, a bhí ar fáil agus a bhí indéanta, i dtreo an Rialtais Dúchais; cuireadh ceist na críochdheighilte ar athlá nuair a cuireadh an tAcht ar fionraí. Thairg Redmond seirbhísí Óglaigh na hÉireann d'fhonn an tír a chosaint le cinntiú go n-éireodh leis an gcogadh ach dhiúltaigh an rialtas leis an tairiscint seo. Tharla scoilt san eagraíocht toisc gur spreag sé na hÓglaigh dul isteach in arm na Breataine; lean formhór na nÓglach Redmond, liostáil go leor acu in arm na Breataine. Tugadh na hÓglaigh Náisiúnta orthu ina dhiaidh sin. Ba iad Óglaigh na hÉireann a fágadh, iad siúd a raibh Poblacht Éireann mar aidhm acu nó iad nach raibh muinín acu a thuilleadh as an Rialtas Dúchais. Ní raibh fágtha ach 10,000 in Óglaigh na hÉireann.

Bhí cónaí ar Redmond i Sasana ar feadh roinnt blianta agus níor thuig sé an méid a bhí ag tarlú sa bhaile. Tháinig Éirí Amach 1916 aniar aduaidh air mar sin. Bhí sé tiomanta d'Éirinn a choimeád laistigh den Aontas, d'fhéach sé ar an Éirí Amach mar thréas agus mheas sé gur bhain sé le scéiméireacht de chuid na nGearmánach. Ní raibh sé báúil in aon chor leis na ceannairí ná leis an aidhm a bhí acu poblacht a bhunú. Mar sin féin, d'impigh sé go ndéanfaí trócaire orthu i dTeach na dTeachtaí. Bhí Redmond marbh dhá bhliain i ndiaidh an Éirí Amach agus níor thuig sé riamh go raibh tús le ré nua staire in Éirinn agus nach sásódh an seanaidhm, is é sin, Rialtas Dúchais an ghlúin nua d'Náisiúnaigh Éireannacha.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt