Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

An Institiúid Déiríochta

Imlonnaíodh an Captaen Seán Heuston ó Chéad Chathlán an Cheannfoirt Daly chun an Institiúid Déiríochta, suite thart ar leathmhíle siar ó na Ceithre Cúirteanna ar an taobh ó dheas den Life, a ghabháil mar urphost. Ba é an rud a bhí le déanamh ag Seán Heuston ná an bealach idir an Bheairic Ríoga (Dún Uí Choileáin ina dhiaidh sin, agus Ard-Mhúsaem na hÉireann anois) agus na Ceithre Cúirteanna a choinneáil faoi smacht ar feadh cúpla uair an chloig ionas go mbeadh deis ag Daly agus ag an gcuid eile den Chéad Chathlán socrú síos sna Ceithre Cúirteanna. I ndiaidh dóibh an áitreabh a ghabháil (ionad cónaithe do bhochtáin), chuir Heuston an ruaig ar na daoine a bhí ag fanacht ann, agus dhaingnigh sé an foirgneamh. Go gairid ina dhiaidh sin, rinne fórsa ón mBeairic Ríoga ionsaí ar an bhfoirgneamh. Ach níor éirigh leis an ionsaí, áfach.

13 Óglach a bhí páirteach i bhfórsa Heuston ag an tús. Ach neartaíodh é le 13 Óglach sa bhreis ó Shord a bhí ag feidhmiú faoi cheannas an Chaptaein Richard Coleman. In Ainneoin nach raibh sé de dhualgas orthu an suíomh a choinneáil ach ar feadh cúpla uair an chloig, sheas siad an fód go dtí meán lae ar an gCéadaoin. Faoin tráth sin, bhí an Institiúid Déiríochta timpeallaithe ag fórsaí a bhí i bhfad níos láidre agus a raibh mionarmáin, gránáidí agus inneallghunnaí troma acu. Ghéill Heuston ionas nach gcaillfí na fir a bhí fágtha.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt