Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Dé Máirt, an 25 Aibreán

Cuireadh an Ginearál W.H.M. Lowe i gceannas ar oibríochtaí i mBaile Átha Cliath. Chuir trúpaí athneartaithe ó Bhéal Feirste, ón gCurrach, ón Teampall Mór agus ó Bhaile Átha Luain ar chumas na Breataine tosú le líne chosanta a chur idir na suímh a raibh seilbh ag na ceannaircigh orthu. Thug lámhach meaisínghunnaí ó Óstán Shelbourne ar Cheannfort Mallin an chuid ba mhó d’Fhaiche Stiabhna a fholmhú agus a fhórsaí a dhíriú ar Choláiste Ríoga na Máinlianna. Bhí creachadóireacht ag tarlú go forleathan i lár na cathrach. An tráthnóna sin, d’fhógair an Leasrí, an Tiarna Wimborne, dlí airm ar fud chathair agus chontae Bhaile Átha Cliath.