Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Poblachtánaigh agus iad siúd a chuaigh i muinín na láimhe láidre: John Devoy, Joseph McGarrity agus Clan na nGael

Bhí baint láidir ag Clan na nGael leis an Éirí Amach trí mhaoiniú Meiriceánach agus airm a chur ar fáil d’Óglaigh na hÉireann.

Rugadh John Devoy (1842-1928) i dteaghlach a bhí ina gcónaí i dteach suite ar leathacra i gCill, Co. Chill Dara. Bhog an teaghlach go Baile Átha Cliath áit a bhfuair sé a chuid oideachais ó na Bráithre Críostaí i Scoil Uí Chonaill ar Shráid Richmond Thuaidh, i Modhscoil Shráid Marlborough agus i Modhscoil Shráid na Trá, áit ar oibrigh sé mar mhonatóir íoctha ar feadh cúpla bliain sula bhfuair sé post ní b'fhearr mar chléireach.

Tháinig Devoy i dteagmháil le gníomhaithe polaitiúla fad is a bhí sé ag foghlaim na Gaeilge i ranganna oíche, cuireadh faoi mhóid an chumainn rúnda ar a dtugadh na Fíníní in 1861. Tar éis bliana le Léigiún Coigríochach na Fraince san Ailgéir, chuir sé faoi sa Nás, Contae Chill Dara, áit ar oibrigh sé mar eagraí Fíníní. Ina dhiaidh sin, chuir ceannaire na bhFíníní, James Stephens, cúram air maidir le hearcú Éireannach i reisimintí na Breataine. Gabhadh é ar deireadh i mí na Feabhra 1866 agus gearradh pianseirbhíse cúig bliana déag; scaoileadh é in 1871 tar éis dó ceithre bliana a chaitheamh i bpríosúin éagsúla sa Bhreatain. Ar scaoileadh dó, chuaigh sé ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe.

Chuaigh sé isteach i gClan na nGael timpeall 1873 (bunaíodh é in 1867). D’éirigh leis an eagraíocht cáil a bhaint amach mar phríomheagraíocht naisiúnta na nGael-Mheiriceánach faoina stiúradh. Ba é an tarrtháil mhisniúil de sheisear Fíníní ó phianseirbhís in Fremantle na hAstráile in 1876 le bád míolta móra ar cheann de na héachtaí ab iontaí a rinne sé riamh. Shocraigh sé comhaontú leis an móreagraíocht scarúnaíoch Éireannach eile, Bráithreachas Phoblacht na hÉireann, a chruthaigh comheolaire réabhlóideach. Thug Clan na nGael tacaíocht shuntasach airgid do Chonradh na Talún sa tréimhse 1879-1981 faoina cheannaireacht. Thacaigh sé le Páirtí Parlaiminteach na hÉireann a raibh Parnell i gceannas air ach bhraith sé nár leor Rialtas Dúchais mar shocrú agus nách mbeadh sé úsáideach ach mar chos i dtaca ar neamhspleáchas iomlan.

D’oibrigh Devoy mar iriseoir go príomha i Nua-Eabhrac. Sa bhliain 1903 bhunaigh sé agus rinne sé nuachtán rathúil, The Gaelic American, agus Tom Clarke mar leas-eagarthóir ar feadh tréimhse. Faoi cheannaireacht Devoy, thacaigh Clan na nGael le go leor tionscadal náisiúnach Éireannach ag deireadh an naoú haois déag agus ag tús an fhichiú haois, lena n-áirítear an Cumann Lúthchleas Gael, Conradh na Gaeilge, an United Irishman (tionscadal Arthur Griffith) agus Óglaigh na hÉireann. D’fhéach Clann na nGael ar Óglaigh na hÉireann mar arm a d’fhéadfadh tús a chur le héirí amach agus thacaigh siad leo trí mhaoiniú agus seachadadh arm a thabhairt dóibh dá bharr; creidtear gur thug siad $100,000 don Éirí Amach idir 1913 agus 1916. D’oibrigh Clann na nGael go crua chun dearcadh frith-Bhriotanach a chothú agus mar sin chabhraigh siad stop a chur leis na Stáit Aontaithe dul isteach sa chogadh ar thaobh na Breataine.

Sa bhliain 1914, bhí Devoy chun tosaigh i gcur chun cinn sraith léachtaí ar thuras timpeall Stáit Aontaithe Mheiriceá a reáchtáladh chun Scoil Éanna an Phiarsaigh, a bhí i mbaol a dúnta, a tharrtháil. An bhliain chéanna d’fhan Roger Casement leis agus mhaoinigh sé a mhisean siúd go dtí an Ghearmáin chun príosúnaithe cogaidh ó Éirinn a earcú chun páirt a ghlacadh san Éirí Amach a bhí beartaithe. Bhí sé rannpháirteach freisin i dtairbhe a bhaint as sochraid Jeremiah O’Donovan ‘Rossa’, an Seanfhinín a fuair bás i Nua Eabhrac, i mBaile Átha Cliath (1 Lúnasa 1915), mar ócáid chun an spiorad náisiúnaíoch a mhúscailt.

Coimeádadh Devoy ar an eolas faoi na pleananna a bhí ann d’Éirí Amach 1916 agus é ina dhlúthpháirtí ag Ó Cléirigh, an Piarsach agus Seosamh Ó Pluingcéad go háirithe. Cé go raibh sé sna seachtóidí ag an am seo, fós theastaigh uaidh páirt a ghlacadh ach theip air na páipéir cuí taistil a fháil in am.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt