Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Iad Siúd a Cuireadh Chun Báis: Micheál Ó hAnnracháin

Rugadh Micheál Ó hAnnracháin (1877-1916) i Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman. Ba mhac le Richard O’Hanrahan agus Mary Williams é. Gearrthóir coirc ba ea Richard agus deirtear gur ghlac sé páirt in Éirí Amach na bhFíníní sa bhliain 1867. Bhog an teaghlach go Ceatharlach agus d'fhreastail Michael ar Scoil na mBráithre Críostaí i gCeatharlach agus ar Acadamh Choláiste Cheatharlach. Nuair a bhí a thréimhse sa chóras oideachais curtha de aige, d'oibrigh sé in áiteanna éagsúla. Chaith sé seal ag obair lena athair sa gnólacht coirc chomh maith. Chuaigh sé i gConradh na Gaeilge sa bhliain 1898; an bhliain dár gcionn bhunaigh sé brainse i gCeatharlach agus ghlac sé cúraimí rúnaí an bhrainse air féin. Ag cur leis na gníomhaíochtaí a bhí ar bun aige ar son Chonradh na Gaeilge thosaigh sé ag teagasc Gaeilge san Institiúid Chaitliceach. Ón uair sin ar aghaidh ba nós leis an leagan Gaeilge dá ainm—Micheál Ó hAnnracháin—a úsáid.

Faoin mbliain 1903 bhí sé tar éis bogadh go Baile Átha Cliath, áit a raibh sé ag obair mar phrofléitheoir do Chló Cumann, foilsitheoir a raibh foilseacháin Chonradh na Gaeilge á gcur i dtoll a chéile aige. Ag an am céanna, bhí sé ag obair mar shaor-iriseoir do nuachtáin náisiúnacha éagsúla, Sinn Féin agus the Irish Volunteer ina measc, faoi na hainmneacha ‘Art’ agus ‘Irish Reader’. Chomh maith leis sin, scríobh sé dhá úrscéal stairiúla a raibh fiúntas liteartha áirithe luaite leo: A Swordsman of the Brigade (1914) agus When the Norman Came (1918). Tá léargas maith le fáil in A Swordsman of the Brigade (1914) maidir lena raibh ag tarlú i rith ré scríofa an úrscéil. Idir an dá linn, bhí sé ina bhall gníomhach de Chonradh na Gaeilge. Bhí sé ina bhall fuinniúil de choistí éagsúla, agus thug sé ranganna Gaeilge chomh maith le corrléacht.

Bhí spéis i gcúrsaí polaitiúla ag Ó hAnnracháin riamh anall, agus bhí sé páirteach i gcuid de na feachtais náisiúnacha ba radacaí ag an am: sa bhliain 1903 mar shampla, thacaigh sé le Maud Gonne agus le Arthur Gri?th cur i gcoinne chuairt Rí Edward VII ar Éirinn. Bhí Ó hAnnracháin chomh tógtha sin le tuairimí Gri?th maidir le neamhthuilleamaíocht eacnamaíochta agus lena thogra chun Baill Pharlaiminte náisiúnacha a thógáil as Westminster, gur chinn sé a bheith páirteach in Sinn Féin. Chomh maith leis sin, bhí sé páirteach i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann. Bhí sé páirteach in Óglaigh na hÉireann ó thráth a bhunaithe i mí na Samhna 1913. Ina dhiaidh sin, ceapadh mar riarthóir ar fhoireann na ceanncheathrún ag 2 Sráid Dhásain é. Ansin ainmníodh é mar mháistir ceathrún- ginearál an Dara Cathlán, an cathlán a bhí faoi cheannas an cheannfoirt Tomás Mac Donnchadha. D'fhorbair dlúthchairdeas idir é féin agus Mac Donnchadha mar go raibh spéis acu beirt sa scríbhneoireacht agus sa litríocht.

I rith an Éirí Amach, chaith O’Hanrahan seal ar dualgas ag monarcha brioscaí Jacob, faoi cheannas Mhic Dhonnchadha agus an Maor John MacBride. Tógadh isteach faoi choimeád é nuair a ghéill garastún Jacob, ar an Domhnach, an 30 Aibreán. Cuireadh chun triail armchúirte é agus cuireadh chun báis é ar an 4 Bealtaine. Gearradh pionós an bháis ar a dheartháir Henry, a bhí taobh leis i Jacob’s, freisin, ach laghdaíodh a phianbhreith go príosúnacht saoil.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt