Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Iad siúd a raibh Pleananna eile acu: Arthur Griffith agus Sinn Féin

Bhí páirt dhíreach ag Griffith agus Sinn Féin san Éirí Amach trína bholscaireacht iontach agus trí ghlúin de náisiúnaigh na hÉireann a radacú.

Rugadh Arthur Griffith (1871-1922) ag 61 Sráid Dhoiminic Uachtarach, Baile Átha Cliath agus cuireadh oideachas air i scoileanna na mBráithre Críostaí ag Sráid na Trá agus ag Plás Mhuire. D’oibrigh sé mar chlódóir leis an Irish Independent, chaith sé formhór a chuid ama saor le cumainn dhíospóireachta áit a raibh tionchar ag an iriseoir agus an file William Rooney air. I 1893, bhunaigh siad an Celtic Literary Society a chuir staidéar teanga, litríocht, stair agus ceol na Gaeilge chun cinn agus ba é ‘independent action’ an sluán a bhí acu. Bhí Griffith gníomhach chomh maith i gConradh na Gaeilge ina raibh Rooney mar mhúinteoir. Bhí sé ina bhall den ghrúpa scarúnaíoch Bráithreachas Phoblacht na hÉireann go dtí 1910, agus ina dhiaidh sin shéan sé úsáid na láimhe láidre chun críocha polaitiúil.

Tar éis tréimhse san Afraic Theas, áit ar oibrigh sé sna mianaigh óir agus ar chuidigh sé leis na Bóraigh, bhí sé ina eagarthóir ar pháipéar seachtainiúil radacach nua, an United Irishman, a foilsíodh don chéad uair i mBaile Átha Cliath i Márta 1899. I 1900, mar aon le Rooney, bhunaigh sé Cumann na nGaedheal, scátheagraíocht a dearadh le comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochta na ngrúpaí éagsúla a raibh iarracht á déanamh acu le dul i ngleic le galldú leanúnach na tíre. Tar éis do theip bhillí an Rialtais Dhúchais 1886 agus 1893, ní raibh mórán muiníne ag Griffith as an modh gníomhaíochta parlaiminte a linne. I sraith alt, ‘The resurrection of Hungary: a parallel for Ireland’, a foilsíodh san United Irishman i 1904, mhol sé go n-aistarraingeodh Páirtí Parlaiminteach na hÉireann as Westminster agus go mbunóidís tionól i mBaile Átha Cliath go haontaobhach agus taithí na hUngáire a úsáid mar shamhail.

D’éabhlóidigh eagraíocht pholaitiúil a léirigh beartas Griffith maidir le neamhspleáchas náisiúnta geilleagair, cultúrtha agus polaitiúil sa tréimhse 1905-7. Ionchorpraíodh Cumann na nGaedheal agus Cumainn Dhún Geanainn a bhunaigh Bulmer Hobson agus Denis McCullogh. Mhol Máire Butler an t-ainm ‘Sinn Féin’ chun spiorad na gluaiseachta a chur chun cinn go soiléir. Nuair a dhún an United Irishman i 1906 mar gheall ar chás leabhail, ghlac Griffith leis an teideal Sinn Féin don pháipéar ionaid inar lean sé air ag cur a bheartais chun cinn go dtí gur cuireadh faoi chois é i 1914.

Níor thaitin Griffith le Páirtí Parlaiminteach na hÉireann nó, ag an taobh eile, le scarúnaithe na láimhe láidre, cé gur thug an IRB fóirdheontas dá pháipéar Sinn Féin. Chuaigh Griffith isteach in Óglaigh na hÉireann nuair a bunaíodh iad i Samhain 1913, cé nár ceapadh ar an gcoiste é ar fhaitíos go mbeadh an chosúlacht ann go raibh dlúthbhaint ag an eagraíocht nua le Sinn Féin. In Iúil 1914, bhí sé páirteach i dtabhairt i dtír na n-arm d’Óglaigh na hÉireann ag Binn Éadair. Ar an 9 Meán Fómhair an bhliain chéanna, d’fhreastail sé ar chruinniú, a eagraíodh ba chosúil faoi choimirce an IRB agus le Tomás Ó Cléirigh i gceannas air, chun plé a dhéanamh ar an deis a bhí an chun éirí amach a chur ar bun de bharr an chogaidh. Ní raibh Griffith i bhfabhar an lámh láidir a úsáid seachas mar rogha deiridh áfach. Chur sé i gcoinne fir na hÉireann a bheith ag troid le harm na Breataine sa chogadh, agus mar thoradh air sin cuireadh cosc ar Shinn Féin i Nollaig 1914; chuir Griffith Scissors and Paste ina ionad láithreach agus ina dhiaidh sin Nationality, agus lean an dá iris le beartais Shinn Féin a chur chun cinn.

Bhí ról tábhachtach ag Sinn Féin agus ag scríbhneoireacht Griffith chun spiorad féintuilleamaíoch náisiúnta a fhorbairt sna blianta roimh Éirí Amach 1916. Go deimhin, bbhí próifíl phoiblí Shinn Féin chomh mór sin nuair a thosaigh an tÉirí Amach gur cheap an rialtas agus an pobal i gcoitinne gurbh iad a bhí freagrach, tagraíodh go ginearálta don Éirí Amach mar ‘the Sinn Féin Rebellion’ – bhí aithne i gcoitinne ar Óglaigh na hÉireann mar ‘Sinn Féin Volunteers’ Cé gur ghlac roinnt ball de chuid Shinn Féin páirt ann, ní raibh an eagraíocht ná Griffith féin páirteach san Éirí Amach. Thairg sé cúnamh a thabhairt in Ard-Oifig an Phoist, ach dúradh leis gur mó a d’fhéadfadh sé a dhéanamh le peann ná le gunna. Ina ainneoin sin, gabhadh é agus cuireadh i bpríosún Reading é go dtí mí Feabhra dar gcionn.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt