Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Iad Siúd a Raibh Pleananna Eile Acu: Páirtí an Lucht Oibre: Jim Larkin agus Arm Cathartha na hÉireann

Chuir Larkin leis an Éirí Amach go hindíreach trí aird a dhíriú ar an easpa ceartais shóisialta agus ar chruachás oibrithe sa chóras reatha. Bhí tionchar díreach aige chomh maith i mbunú Arm Cathartha na hÉireann.

Rugadh James (‘Big Jim’) Larkin (1874-1947) i Learpholl do thuismitheoirí Éireannacha. D’oibrigh sé mar eagraí don National Union of Dock Labourers i Learpholl agus ó 1907 go 1909 i mBéal Feirste. Ní raibh brainse Bhéal Feirste eagraithe go maith agus bhí go leor seicteachais ann. D'éirigh le Larkin an t-aontas a athbheochan a bhuí lena chumas eagraíochtúil agus lena óráidíocht. Nuair a rinne na fostóirí iarracht srian a chur le cumhacht an cheardchumainn trí frithdhúnadh a imirt ar an lucht oibre agus fir oibre eile nó ‘blacklegs’ a thabhairt isteach ina n-áit, ghéill ceannaireacht an Cheardchumainn sa Bhreatain. Aistríodh Larkin go Baile Átha Cliath mar a bhunaigh sé an National Union of Dock Labourers (NUDL).

Chuir ceannaireacht an cheardchumainn Larkin ar fionraí de dheasca a chur chuige míliteach i leith chaidreamh oibreachais. Is ansin a bhunaigh sé Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann. I mí na Bealtaine 1911 d’fhoilsigh sé an nuachtán ‘the Irish Worker’ ina ndéantaí ionsaithe fíochmhara ar an gcaipitleachas, ar an impiriúlachas, ar na fostóirí agus ar Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, go dtí gur cuireadh cosc air sa deireadh de bharr a sheasaimh in aghaidh cogaí. Toisc an úsáid a bhain sé as stailceanna bhí sé i gcoinbhleacht oscailte leis na fostóirí. Sa bhliain 1913, mar fhreagra ar na héilimh a bhí aige ar chainteanna chun pá agus coinníollacha a phlé, tháinig nach mór ceithre chéad fostóirí le chéile chun an Employers’ Federation a bhunú. D’eagraigh an Chónaidhm ansin go gcuirfí frithdhúnadh i bhfeidhm ar na hoibrithe sin nach dtabharfadh geall nach rachfaidís isteach i gceardchumann. Bhí ní ba mhó ná 20,000 oibrí (agus 80,000 eile ag brath orthusan) rannpháirteach. Níor bheag an t-achrann a lean, lena n-áirítear ruathar bataí a thug na póilíní faoi na hoibrithe agus faoin lucht féachana ar Shráid Uí Chonaill. Cuireadh Larkin i bpríosún ar feadh tréimhse.

Ar an 19 Samhain 1913 bhunaigh Larkin agus Séamus Ó Conghaile Arm Cathartha na hÉireann mar fhórsa cosanta na n-oibriththe ar lámh láidir Phóilíní Chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí thart faoi 350 ball, a raibh a bhformhór díobhsan ina mbaill de cheardchumann éigin. Bhí éide suaithinseach dá chuid féin ag an bhfórsa agus rinne siad a gcuid traenála go hoscailte; bhí roinnt gunnaí faighte faoi rún acu a coimeádadh i gceanncheathrú an ITGWU i Halla na Saoirse, gar do Theach an Chustaim. B’ann don Arm Cathartha i gcónaí ámh fiú tar éis do na hoibrithe géilleadh agus do Larkin imeacht go dtí na Stáit Aontaithe go luath sa bhliain1914. Ba é Ó Conghaile a bhí ina Cheannfort; ina dhiaidh sin bhí Michael Mallin ina Cheann Foirne agus ba é a bhí i gceannas le linn Éirí Amach 1916.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt