Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Dé hAoine, an 28 Aibreán

Tháinig an Ginearál Maxwell go Baile Átha Cliath go luath an mhaidin sin. D'eisigh an Piarsach ráiteas an mhaidin sin chomh maith ag admháil go raibh an tÉirí Amach beagnach thart, ach ag maíomh go mbuafadh na hÓglaigh an troid "although they may win it in death" mar a dúirt sé féin. Ag Cill Dhéagláin, Co. na Mí, bhí an rath ab fhearr den Éirí Amach ag Tomás Áis agus an 5ú Cathlán nuair a thug siad ar bhuíon mór póilíní géilleadh. Faoin tráthnóna bhí Ard-Oifig an Phoist trí thine; d’imigh an garastún go dtí na tithe i gceantar Shráid an Mhúraigh. Bhí créacht mharfach faighte ag Ó Rathghaille agus é i gceannas ar ruathar chun an bealach a réiteach don aslonnú. Bhí dianchomhrac ann an oíche sin i gceantar Shráid an Rí Thuaidh ina raibh fir an Cheannfoirt Ned Daly.