Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Iad siúd a cuireadh chun báis: Thomas Kent

Rugadh Thomas Kent (1865-1916) i dTeach an Bháin Aird, Caisleán Ó Liatháin, in aice le Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí. Duine de sheachtar mhac agus beirt iníon le David Kent ba ea é, a raibh feirm 200 acra aige, agus a bhean Mary Rice. Fuair sé a chuid oideachais ar an scoil náisiúnta áitiúil, go dtí go raibh sé thart ar cheithre bliana déag nó cúig bliana deag d’aois is dócha, mar ba ghnáth i gceantair tuaithe ag an am. Chaith sé cúig bliana i mBostún, áit a d’oibrigh sé le comhlacht foilsitheoireachta agus fearastú séipéil agus ina raibh sé páirteach in ócáidí cultúrtha Gaelacha, cuid mhór acu a bhí á reachtáil ag Conradh na Gaeilge.

Nuair a d’fhill sé ar an mbaile thart ar 1889 bhí sé páirteach sa ‘Phlean Beartaíochta’, gluaiseacht le haghaidh leasú chóras na talún a bhí eagraithe ag baill de Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, T.C. Harrington agus William O’Brien ach go háirithe. Mar gheall go raibh sé bainteach leis seo, chaith sé dhá mhí i mbun oibre déine taobh istigh de Phríosún Chorcaí, agus é tar éis a bheith faighte ciontaithe as comhcheilg chun íocaíocht cíosa a sheachaint. Ciontaíodh a dheartháir William i gcoir eile roimhe sin agus chaith seisean sé mhí i bpríosún. Chuir sin ar shláinte Thomas agus nuair a tháinig deireadh le ré Parnell in 1891 stad sé ó bheith páirteach i ngníomhaíochtaí polaitiúla, agus ina áit sin chaith sé a chuid ama saor i gConradh na Gaeilge chun ceol agus damhsa traidisiúnta a chur chun cinn.

D’eagraigh na deartháireacha Kent brainse d’Óglaigh na hÉireann in 1914 ag Caisleán Ó Liatháin agus dúradh gurbh é an chéad bhrainse ólséantach sa tír riamh. Bhí Tomás tiomnaithe go hiomlán do na hÓglaigh, agus thaisteal sé achar fada uaireanta le haghaidh ócáidí speisialta; bhí sé i láthair ag óráid mór le rá de chuid an Phiarsaigh ag sochraid Jeremiah O’Donovan Rossa i mBaile Átha Cliath mí Lúnasa 1915, cuir i gcás. Bhí na deartháireacha Kent faoi amhras ag Constáblacht Ríoga na hÉireann le fada an lá, a thug ruathar faoina dteach ag cuartú airm i dtosach 1916. Mar gheall air sin, chaith Tomás dhá mhí taobh istigh de Phríosún Chorcaí de bharr sheilbh arm.

Nuair a chuala deartháireacha Kent trácht ar an Éirí Amach d’fhan siad ón mbaile agus iad ag súil le horduithe slógaidh, ach d’fhill siad nuair a bhí sé thart, oíche 1ú Bealtaine. Faoin am sin bhí baill d’Óglaigh na hÉireann á thiomsú ag an RIC agus bhí siad ar achan taobh den teach an mhaidin dár gcionn. Tá neart tuairiscí faoi céard a thit amach ina dhiaidh sin; ar aon chaoi bhí cath gunnaí ann agus lena linn scaoileadh marbh an Príomhchonstábla W.C. Rowe. Gabhadh Thomas agus William Kent; gortaíodh David; agus bhí Richard bithghonta agus é ag iarraidh éalú.

Cuireadh Thomas agus William Kent os comhair chúirt airm ag Beairic Choinneála Chorcaí. Fuarthas neamhchiontach William, ach daoradh Tomás chun báis. Cuireadh cúirt ar David nuair a tháinig sé chuige féin ó na gortuithe; daoradh chun báis é ach iomalartaíodh an phianbhreith go cúig bliana de phianseirbhís. Cuireadh Thomas Kent chun báis i gCorcaigh 9ú Bealtaine 1916. Ní raibh sé pósta.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt