Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Co. na Gaillimhe

Bhí ionadaíocht mhaith ag Óglaigh na hÉireann i gCo. na Gaillimhe ó bunaíodh an eagraíocht. D'oibrigh Liam Mellows, ball den choiste sealadach, go dian dícheallach chun an fórsa a eagrú agus oiliúint a chur ar na baill ar fud an chontae. Nuair a bhí dáta an Éirí Amach ag druidim leis, áfach, bhí Liam Mellows i Sasana faoi ordú eisiaimh mar gheall ar a chuid gníomhaíochtaí paraimíleata, ach d'eagraigh Séamas Ó Conghaile go rachadh a iníon, Nora, go Sasana agus go dtabharfadh sí ar ais go Co. na Gaillimhe é, agus é gléasta mar shagart. Bhí líon réasúnta suntasach d'Óglaigh na hÉireann sa chontae ach ní raibh mórán arm acu. Ní raibh níos mó ná 100 raidhfil acu. Tá an chuma ar an scéal go raibh meas áirithe ag Comhairle Mhíleata Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann ar Óglaigh Chontae na Gaillimhe: bheartaigh sé déileáil leis an nganntanas arm trí líon suntasach de na hairm Ghearmánacha ón Aud a chur ar an traein ó Thrá Lí go Luimneach agus uaidh sin chuig áiteanna eile ar fud an chontae.

Ach níor cuireadh na hairm ar fáil agus bhí líon i bhfad ní ba lú daoine i láthair de thoradh fhreasordú Mhic Néill. Ina ainneoin sin, nuair a shroich scéala an Éirí Amach Gaillimh ar Luan na Cásca, d'éirigh le Mellows fórsa mór a bhailiú le chéile. Bhí idir 500 agus 1,000 fear i láthair de réir foinsí áirithe, ach is deacair é sin a chreidiúint, áfach, ó tharla nach raibh ach beagán le cois 10,000 páirteach in Óglaigh na hÉireann ag an am. Bhí beagnach 3,000 acu i mBaile Átha Cliath; agus tá seans ann nár slógadh go leor acu a bhí i gCo. na Gaillimhe ar chúis amháin nó ar chúis éigin eile. Ar an Máirt, bhí rath ar ghníomhaíochtaí fórsa Óglach in Órán Mór nuair a ghabh siad seisear ball de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, ach ansin rinne fórsa ollmhór a raibh cumhacht lámhaigh i bhfad ní ba láidre acu ionsaí orthu. Lean siad orthu i dtreo Bhaile Átha an Rí áit ar ghlac siad seilbh ar an stáisiún talmhaíochta. Ar an gCéadaoin, rinne fórsa ollmhór de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann iarracht iad a ruaigeadh ach níor éirigh leo. Ar an lá céanna, rinne dhá chomplacht d'Óglaigh ionsaí ar dhíorma míleata a bhí ar a mbealach ó Ghaillimh go Baile Átha an Rí.

Bhí formhór na nÓglach a bhí i láthair meáite ar leanúint leis an bhfeachtas, seasamh ar thacaigh an líon mór ball de Chumann na mBan a bhí i láthair leis. Dá réir sin, beartaíodh aghaidh a thabhairt ó dheas i dtreo Cho. an Chláir. Ar an Aoine, áfach, fuarthas scéala go raibh lámhach sliogán airtléire déanta ar Ard-Oifig an Phoist agus ar dhaingin eile de chuid na nÓglach i mBaile Átha Cliath agus go raibh an tÉirí Amach ar tí titim ó chéile. Anuas air sin, níor ghlac an chuid eile den tír páirt san Éirí Amach. Lena chois sin, bhí fórsa de chúpla céad muirshaighdiúir ag teacht ina dtreo: ní bheadh na hÓglaigh in ann dúshlán a leithéid d'fhórsa a thabhairt, ó tharla nach raibh an oiread céanna arm nó trealamh acu.

Go luath ar an Satharn rinneadh an cinneadh go scaipfeadh siad. D'fhill na gnáthbhaill ar an mbaile agus chuaigh formhór na gceannairí ‘ar a dteitheadh’; d'éirigh le Mellows éalú go dtí na Stáit Aontaithe. Gabhadh beagnach 100 Óglach as Co. na Gaillimhe agus cuireadh chun triail armchúirte iad. Gearradh pianseirbhís ar théarmaí éagsúla ar a bhformhór - idir pianseirbhís saoil agus pianseirbhís bliana. Lena chois sin, díbríodh thart ar 500 Óglach chuig an mBreatain. Imtheorannaíodh a bhformhór ag Frongoch sa Bhreatain Bheag.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt